Tuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin, 2023


Ar 23 Lúnasa 2023, phléasc Embraer Legacy 600 san aer in Tver Oblast sa Rúis, i gceantar tuaithe leath bealaigh idir Moscó agus Cathair Pheadair.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin, 2023
Íomhá
Map
 57°44′52″N 33°57′15″E / 57.7478°N 33.9542°E / 57.7478; 33.9542
Cineáltimpiste aerárthach
suspicious death (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desuspicious deaths of Russian businesspeople (2022–present) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana23 Lúnasa 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaAn Rúis faoi Putin Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhKuzhenkino, An Rúis (en) Aistrigh
Kuzhenkino, An Rúis (en) Aistrigh
Cúige Tver, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata, Bologovsky District, An Rúis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Yevgeny Prigozhin (en) Aistrigh
Dmitry Utkin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachYevgeny Prigozhin (en) Aistrigh paisinéir
Dmitry Utkin (en) Aistrigh paisinéir
Valery Chekalov (en) Aistrigh paisinéir Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí0 Cuir in eagar ar Wikidata
Yevgeny Prigozhin, 2023

Bhí Yevgeny Prigozhin, ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner (comhlacht príobháideach míleata sa Rúis), ar bord. Is amhlaidh a maraíodh gach duine den deichniúr a bhí ar an eitleán. Chomh maith le Prigozhin, bhí leascheann feadhna Wagner, Dmitry Utkin, ina measc.[1]

leascheann feadhna Wagner, Dmitry Utkin

Cúlra cuir in eagar

Duine atá i bhfad amach ar an eite dheis ba ea Prigozhin. Bhí sé thar a bheith míshásta leis an easpa tacaíochta, dar leis – a bhí lucht Wagner a fháil ó Arm na Rúise in oirthear na hÚcráine. Chuaigh sé chun ceannairce ar stát na Rúise i dtús an tsamhraidh 2023. Rinne Putin socrú le Prigozhin a chuir deireadh an-tapa leis an éirí amach.[2]

Tháinig Prigozhin ar chomhréiteach le Vladimir Putin, uachtarán na Rúise is cosúil. Tuairiscíodh in amanna éagsúla ó shin é a bheith sa Bhealarúis agus san Afraic.[1]

Ach bhí na naimhde go leor aige, a chuid céilí comhraic, na hantoiscigh ar dheis ar fad Tuairimítear go raibh a rás rite faoin am sin agus gur ina chuid uabhair a bhí a threascairt.[1]

Imeachtaí cuir in eagar

Ní dúradh fós cé acu ar timpiste a bhí ann nó ar cuireadh an t-eitleán go talamh d'aon ghnó (buama ar bord b'fhéidir). Ach meastar go coitianta gurb amhlaidh gur feallmharaíodh ceannasaí Wagner. I bpostáil ar an meán sóisialta Telegram, dúirt dream a bhí bainteach le Wagner gur mharaigh "fealltóirí" [Rúiseacha] é.

Níor luaigh Putin an tuairt eitleáin i gcaint a rinne sé trí nasc físe ag cruinniú mullaigh BRICS san Afraic Theas.[3] Is cosúil go raibh sé náirithe.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-08-24). "Prigozhin á chaoineadh ag a chomrádaithe, Putin neamhairdiúil" (as ga-IE). 
  2. "Feallmharú á lua le tuairt eitleáin ina síltear a maraíodh ceannasaí Wagner, ach Putin ina thost" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-24). Dáta rochtana: 2023-08-24.
  3. Henry Foy, Max Seddon, Polina Ivanova, Felicia Schwartz (2023-08-24). "Yevgeny Prigozhin crash was not caused by surface-to-air missile, says US". Financial Times. Dáta rochtana: 2023-08-24.