Turraing anaifiolachtach
Frithghníomh ailléirgeach, chomh láidir sin go bhféadfaidh duine bás a fháil uaidh is ea turraing anaifiolachtach.
Cineál | anaifiolacsas, suaitheadh agus immune system symptom (en) |
---|---|
Aicmiú | |
ICD-11 | 4A84 |
ICD-10 | T78.2 |
Acmhainní seachtracha | |
UMLS CUI | C0857035 |
Corrábhar próitéine nó eile a itheann duine nó a fhaigheann sé trí instealladh, mar shampla, feidhmíonn sé mar antaigin. Bíonn antasubstaintí ar fud na colainne: imoibríonn an antaigin leo siúd, agus spreagann sé seo an frithghníomh. Anois is arís bíonn an frithghníomh seo an-láidir.
Luaitear cnónna áirithe is anlann soighe, mar shampla, mar antaiginí a bhféadfaidh sé tarlú mar thoradh orthu. Ní tharlaíonn an frithghníomh céanna i ngach duine, nó ní tharlaíonn sé in aon chor in an-chuid daoine. De réir a chéile táthar ag lipéadú bianna a fhéadfaidh é seo a dhéanamh, chun rabhadh a thabhairt.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Turraing anaifiolachtach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |