Uí Fhailí
Dream ársa lonnaithe sa Laighin ba ea Uí Fhailí (Sean-Ghaeilge Uí Failgi). Ainmnithe as an rí seanscéalach Failge Berraide (fl. AD 507–514) atá siad, agus tugtar Uíbh Fhailí ar a gcríocha.
Ó lár na haonú aoise déag, ghlac a rítheaghlach an sloinne Ó Conchúir Fhailí (Ua Conchobhair Failghi).[1] Bhí a gceanncheathrú suite i Ráth Iomgháin ó dhúchas, ach bogadh é go Daingean le teacht na Normannach.
I ndiaidh bhás an rí dheiridh, Brían mac Chathaoir Uí Chonchúir Fhailí, c. 1556, rinneadh contaetha nua d'Uíbh Fhailí le linn plandáil Éireann de chuid Máire I Shasana.[2]
Luann Céitinn na géaga a leanas de bhall Uí Fhailí: Ó Caomhánaigh, Ó Tuathalaigh, Ó Branaigh, Mac Giolla Phádraig, Ó Duinn, Ó Díomasaigh, Ó Duibhir agus Muintir Riain[2]
Ríocht Uíbh FhailíCuir in Eagar
Is dóigh go raibh Uíbh Fhailí an mar ríocht ó thús na ré stairiúla. D'éirigh leo cúnguithe Uí Néill, na nEoghanacht agus na Normannach a a chur díobh, cé gur chaill siad tailte.
- "[sa] choimhlint sa chúigiú haois idir Uí Néill agus Laigin i mBreá agus Mí ... is cinnte é gurbh iad Uí Failgi a ndearnadh an dochair is mó dóibh, agus tailte i nUíbh Fhailí agus san Iarmhí caillte acu.[3]
I rith phlandáil Mháire, rinneadh an ríocht idir Queen's County agus King's County, agus tugadh cuid de i gContae Chill Dara isteach. Le teacht neamhspleáchas na hÉireann, ath-ainmníodh 'King's County' go Contae Uíbh Fhailí, i gcomortas Uí Fhailí.
Déanann O'Donovan cur síos ar sheanchríocha Uíbh Fhailí sna hOrdnance Survey Letters dá chuid,[2] leis na barúntachtaí a leanas:
- Géisill, An Daingean Íochtarach agus Uachtarach, Baile an Bhairínigh, agus Baile an Chúlaígh, in King's County
- Uíbh Fhailí Thoir/Thiar i gContae Chill Dara
- Port na hInse agus Tigh na hInse in Queen's County.[2]
Luann O'Donovan O'Heerin go raibh Uíbh Fhailí roinnte ar dtús ina seacht dtríocha céad:
- Tuath Géisille
- Uí Regan (Tigh na hInse)
- Clann Maoilughra (An Daingean agus Port na hInse)
- Clár Cholgáin
- Tuath Maighe (Baile an Chúlaígh agus Baile an Bhairínigh)
- Magh Aoife, nó Fearann Uí Mhurcháin, (tuaisceart Uíbh Fhailí)
- Tuath Leighe (deisceart Uíbh Fhailí).[2]
Más fíor, tá cruth go garbh triantánach ag an ríocht, le cúinne iardheiscirt ag Sliabh Bladhma, cúinne oirdheiscirt ag Dún Ailinne, agus An Bhóinn agus a craobh-aibhneacha (Abhainn Bhaile an Mhuilinn, An Abhainn Bhuí) ó thuaidh.
Féach freisinCuir in Eagar
FoinsíCuir in Eagar
- Hui Failgi relations with the Hui Neill in the century after the loss of the plain of Mide, Alfred P. Smyth, Etudes Celtic, 1975, ll. 501–523.
- Ui Fhailghe, Uibh Fhaili, etc.; The Name of Offaly, Nollaig O Muraile, in Offaly Heritage:Journal of the Offaly Archaeological and Historical Society, ll. 9–11, imleabhar 1, 2003.