Uimhir aitheantais phearsanta
(Athsheolta ó UAP)
Uimhir atá uathúil d'úsáideoir córas ríomhaireachta, dáilte air chun gur féidir leis a aitheantas a dhaingniú roimh chead a fháil an córas a úsáid. Is é UAP an gnáthgiorrúchán air i nGaeilge, PIN i mBéarla. Baintear feidhm as a leithéid i gcórais baincéireachta nua-aoiseacha inar féidir le húsáideoir airgead a aistarraingt ó uathmheaisíní bainc nuair a chuireann sé a chárta bainc is a PIN isteach ann.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uimhir aitheantais phearsanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 687.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |