Uathmheaisín bainc
Is é uathmheaisín bainc[1] an t-ainm oifigiúil ar na scipéid seirbhíse a chuirtear os comhair banc is i gcuid mhaith áiteanna eile chun gur féidir airgead a aistarraingt is seirbhísí bainc eile a fháil de lá is d'oíche. Is é ATM (ón ghiorrúchán Béarla) an gnáth-théarma i measc phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann.[2][3] Bíonn sé ceangailte le ríomhaire an bhainc chun gur féidir leis an gcustaiméar a chuntas a mhonatóiriú go díreach lena chárta is a uimhir aitheantais phearsanta (PIN).[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““uathmheaisín bainc” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-08.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2016-08-25). "Níl sé ‘ar chumas’ Bhanc Uladh rogha Ghaeilge a chur ar a gcuid ATM". Dáta rochtana: 2024-07-08.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017-08-29). "Níl sé ‘viable’ rogha Ghaeilge a chur ar ATManna Bhanc na hÉireann". Dáta rochtana: 2024-07-08.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Uathmheaisín bainc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |