Sa mhatamaitic, uimhir a roghnaítear as tacar ar leith uimhreacha ionas go bhfuil an dóchúlacht chéanna ag gach ceann acu a bheith roghnaithe. Más é an tacar uimhreacha ar leith an tacar slánuimhreacha 0-9, bíonn dóchúlacht 0.1 ag gach ceann acu go roghnófar í. Is é is tábla uimhreacha randamacha ann ná tábla digití a roghnaítear go randamach, gach digit le dóchúlacht 0.1 go roghnófar í, agus gach roghnú déanta go neamhspleách ar gach roghnú eile. Chun na huimhreacha i gcomhair duaiseanna i gcrannchur náisiúnta a roghnú go neamhchlaonta, is féidir uimhreacha randamacha a roghnú le ríomhaire.[1]

Bosca Sonraí UimhirUimhir randamach
Cineálcineál uimhreach Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhir randamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 688.