Aon ghaothuirlis ceoil ina ngintear an fhuaim trí shreabh aeir a dhéanamh chun giolcach (déanta as cána, miotal nó plaisteach) a chur ag crith. Is féidir giolcach shingil (mar atá sa chlairinéad) nó dé-ghiolcach (mar atá san óbó) a úsáid. Is féidir í a chrith go saor (mar a tharlaíonn san orgán béil) nó a rialú ag liopaí an tseinnteora (mar a tharlaíonn i ngléasanna uile na ceolfhoirne). Bíonn a tondath oirirc ag gach saghas, agus braitheann sé ar mhéid is cruth na huirlise. Is iad na príomhuirlisí giolcaí sa cheolfhoireann ná an t-óbó, an corn Sasanach, an clairinéad, an dordchlairinéid, an basún, agus an dordbhasún.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.