Foirgneamh atá oiriúnaithe chun ainmhithe is plandaí uisciúla a léiriú. Osclaíodh an chéad cheann i 1853 i ngairdín na n-ainmhithe i bPáirc an Leasrí i Londain. Tá uisceadáin faoin spéir ina léirítear deilfeanna coitianta, agus uisceadáin mhóra le tolláin thrédhearcacha faoin uisce ar féidir siúl tríothu chun breathnú níos fearr ar na hainmhithe is plandaí san uisce. Úsáidtear umair bheaga thrédhearcacha le haghaidh uisceadáin baile, agus coinnítear éisc thrópaiceacha iontu.[1]

Dubai Mall Aquarium

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uisceadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 690.