Ba é V. V. Giri  (10 Lúnasa 1894 -24 Meitheamh 1980) ceathrú uachtarán na hIndia.[1] Bhí sé ina neach léinn i mBaile Átha Cliath ó 1913 go dtí 1916, tráth ar tháinig sé faoi thionchar an Chonghailigh agus Thomáis Mhic Dhonncha.

Infotaula de personaV. V. Giri

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(te) వి. వి. గిరి
Beathaisnéis
Breith10 Lúnasa 1894
Brahmapur, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Meitheamh 1980
85 bliana d'aois
Chennai, An India Cuir in eagar ar Wikidata
4 Uachtarán na hIndia
24 Lúnasa 1969 – 24 Lúnasa 1974
← Mohammad HidayatullahFakhruddin Ali Ahmed →
Uachtarán na hIndia
3 Bealtaine 1969 – 20 Iúil 1969
← Zakir HussainMohammad Hidayatullah →
Leas-Uachtarán na hIndia
3 Bealtaine 1969 – 20 Iúil 1969
← Zakir HussainMohammad Hidayatullah →
3 Leas-Uachtarán na hIndia
13 Bealtaine 1967 – 3 Bealtaine 1969
← Zakir HussainGopal Swarup Pathak →
Ball den Tionól Lárnach Reachtach
Gobharnóir Kerala
Gobharnóir Karnataka
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Madras Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheOdisha
Teanga dhúchaisTeileagúis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaComhdháil Náisiúnta na hIndia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaTeileagúis, An Hiondúis agus Oirísis
Teaghlach
SiblínAdruti Laxmibai
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

Teileagúigh agus tuathánaigh ab ea muintir Giri a tháinig as Andhra Pradesh.  Den ardcheast ba ea an teaghlach.

Éire cuir in eagar

Bhí teagmhálacha éagsúla idir an India agus Éire ag tús an 20ú haois. Sa bhliain 1913, tháinig Giri go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chun staidéar a dhéanamh ar an dlí. Bhí sé i measc cúpla dosaen neacha léinn dlí Indiacha ag UCD agus Cumann Onórach Óstaí an Rí idir 1913 agus 1916.

Le linn na tréimhse sin bhí tionchar ar leith ar Giri ag beirt cheannairí de chuid Éirí Amach na Cásca — an Conghaileach mar réabhlóidí agus ceannaire ceardchumainn, a spreag Giri go mór le dul i mbun gnímh sna réimsí seo ar ais san India agus Mac Donnchadha mar léachtóir tarraingteach i UCD[2], a fhorleathnaigh samhlaíocht na neacha léinn.[3][4]

Faoi dheireadh, díbríodh Giri as an tír de bharr an cheangail a bhí aige le ceannairí an éirí amach.[5]

Ach le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chas Giri le Mahatma Gandhi chomh maith agus chuaigh a chuid smaointe go mór i bhfeidhm ar Giri.

 

Uachtarán ar an India cuir in eagar

Sa bhliain 1969, toghadh Giri ina Uachtarán ar an India. Fuair V. V. Giri an ceann is fearr ar Neelam Sanjiva Reddy, cé go raibh Giri ina iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht.

Fuair Giri tacaíocht ó Indira Gandh, ina príomh-aire ar an India ag an am, ós rud é go raibh eagla uirthi go gcuirfeadh an ruaig uirthi dá mbeadh an lá ag Reddy.

 
1947

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "V. V. Giri: Biography" (en). Who-is-who (2018-02-03). Dáta rochtana: 2020-06-24.
  2. "From UCD and Easter Rising to President of India" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-06-25.
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-24.
  4. Mridu Rai December 6, 2013UPDATED: December 6, 2013 14:46 Ist. "University College Dublin announces special scholarships for Indian students" (en). India Today. Dáta rochtana: 2020-06-24.
  5. "Súil siar ar an bPiarsach agus súil soir ar Tagore 70 bliain ó bhain an India neamhspleáchas amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-24.