Is é an 4 Eanáir an ceathrú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 361 lá fágtha sa bhliain nó 362 i mbliain bhisigh.

Phil Lynott

  • 1643 – Rugadh Isaac Newton, fisiceoir agus matamaiticeoir Sasanach (b.1727)
  • 1785 – Rugadh Jacob Grimm, scríbhneoir Gearmánach (b.1863)
  • 1926 – Bunaíodh an chéad chlub eitleoireachta in Éirinn in Óstán Hibernian, Baile Átha Cliath
  • 1937 – D'fhág Príomh-Raibí na hÉireann, an Dochtúir Isaac Herzog, Éire le haghaidh a thabhairt ar Iarúsailéim, áit a raibh post nua ag fanacht leis
  • 1961 – Cailleadh Erwin Schrödinger, fisiceoir (r.1887)
  • 1965 – Cailleadh T. S. Eliot, scríbhneoir (r.1888)
  • 1969 – D'ionsaigh na Protastúnaigh lucht na máirseála ag Droichead Bhun Tolaid
  • 1974 – Dhiúltaigh na hAontachtóirí do Chomhaontú Sunningdale ag cruinniú i mBéal Feirste
  • 1977 – Rugadh Dónal Ó Sheancháin, iománaí
  • 1986 – Cailleadh Phil Lynott, amhránaí Éireannach as Thin Lizzy
  • 1999 – Tháinig an tEuro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil
  • 2005 – Cailleadh Ali al-Haidri, gobharnóir ar Bhagdad (feallmharú)
  • Tuilleadh teagmhais: 3 Eanáir4 Eanáir5 Eanáir