Is éard is Vicipéideoir cónaitheVicimeánoir cónaithe ná eagarthóir na Vicipéide (nó Vicimeánoir), a ghlacann socrúchán le hinstitiúid, de ghnáth dánlann (gailearaí ealaíne), leabharlann, cartlann, nó músaem (DLCM), cumann léinn, nó institiúid ardoideachais (mar ollscoil) chun altanna a fhoilsiú ar an Vicipéid a bhaineann le misean na hinstitiúide sin a éascú agus a spreagadh agus cuidiú léi ábhar a scaoileadh faoi cheadúnais oscailte, agus an caidreamh idir an óst-institiúid agus pobal na Viciméide a fhorbairt. De ghnáth cuidíonn Vicipéideoir cónaithe le himeachtaí for-rochtana nó seirbhísí teagmhála na Vicipéide idir an DLCM agus an pobal i gcoitinne mar eagartóin .

WD Bosca Sonraí GairmVicipéideoir cónaithe
Cineál fostaíochta
Viciméideoir agus media professional (en) Aistrigh
Réimse oibre
Wikimedia movement (en) Aistrigh


An caidreamh idir Vicipéideoir cónaithe agus an pobal. Léiríonn an léaráid na páirtithe leasmhara agus an méid a sholáthraíonn agus a fhaigheann gach geallsealbhóir i ngnáththionscadal cónaitheach an Vicipéideora.

I measc na n-institiúidí a d’óstáil Vicipéideoir tá institiúidí móra cosúil le Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Músaem na Breataine,[1] an Institiúid Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, Leabharlann na Breataine, Institiúid Smithsonian,[2] an Royal Society of Chemistry [3] UC Berkeley,[4] Ollscoil Columbia,[5] Ollscoil Toronto, Leabharlann Náisiúnta na hIorua, agus Cartlann Chónaidhme na hEilvéise agus ionaid níos lú mar Mhúsaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus The New Art Gaillery Walsall [6] sa Ríocht Aontaithe; Pálás Versailles sa Fhrainc; an Museu Picasso sa Spáinn; agus Músaem Leanaí Indianapolis,[7] Gerald R. Ford Presidential Library,[8] agus an National Archives and Records Administration sna Stáit Aontaithe.

Suim a fhorbairt cuir in eagar

 
 
Léarscáil idirghníomhach de na Vicimeánoirí cónaithe go léir atá liostaithe i Wikidata, curtha in eagar de réir bliana. (ceist léarscáile)
 
 
Amlíne idirghníomhach de na Vicimeánoirí cónaithe go léir atá liostaithe i Wikidata, curtha in eagar de réir faid. (uirlis amlíne)

Sa bhliain 2010, ba é Liam Wyatt na hAstráile an chéad Vicipéideoir  cónaithe, nuair a chuaigh sé ag obair go deonach i Músaem na Breataine ar feadh tréimhse cúig seachtaine.[9][10] Thug sé faoi deara an gá atá leis a Vicipéid comhpháirtíochtaí le músaeim a neartú chun an fhaisnéis is nuashonraithe agus is cruinne a chruthú,[11] ag rá ""we are doing the same thing for the same reason, for the same people, in the same medium. Let's do it together.". " Bhí baint ag an Children's Museum of Indianapolis leis an gclár tar éis don Vicipéideoir Lori Phillips obair dheonach a dhéanamh d’imeacht DCLM in 2010, mar an dara Vicipéideoir cónaithe. Chaith an tríú duine, Benoît Evellin, sé mhí i bPálás Versailles i Versailles, an Fhrainc.[12] Ghlac an Museu Picasso in Barcelona, an Spáinn [13] agus Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby i Derby, Sasana go luath leis an smaoineamh.[14]

Sa bhliain 2010, léirigh Institiúid Smithsonian spéis sa smaoineamh, rud a d’fhág gur fostaíodh Sarah Stierch i mí Iúil mar Vicipéideoir  cónaithe.[15][16][17] An bhliain ina dhiaidh sin, chinn an National Archives and Records Administration an rud céanna a dhéanamh agus d’fhostaigh Dominic McDevitt-Parks, mac léinn ó Choláiste Simmons, a bhí ag déanamh céim máistir i stair agus i mbainistíocht cartlainne, chun obair ag a suíomh Archives II i College Park, Maryland.. Bhí McDevitt-Parks ag déanamh eagarthóireachta ar an Vicipéid ó 2004 agus d’fhostaigh David Ferriero é don phost seo.[18]

I mí Iúil 2011 d’fhostaigh Wikimedia UK Andy Mabbett, eagarthóir ó 2003, mar “ambasadóir for-rochtana” cónaithe ag an gcarthanas fiadhúlra Wildscreen atá lonnaithe i mBriostó, ag obair ar ARKive project.. Ó shin i leith tá Mabbett ina Vicipéideoir cónaithe ag eagraíochtaí eile mar an New Art Gallery Walsall [19] agus an Royal Society of Chemistry.[20]

I mí Eanáir 2013, ba í Gerald R. Ford Presidential Library an chéad leabharlann uachtaránachta chun Vicipéideoir a fhostú, nuair a d’fhostaigh siad Michael Barera, mac léinn máistir in Ollscoil Michigan.[21]

I mí Mheán Fómhair 2013, ba í an National Archives and Records Administration an chéad eagraíocht chun Vicipéideoir buan lánaimseartha a fhostú nuair a d’fhostaigh an riarachán sin Dominic McDevitt-Parks chun dul isteach ina Oifig Nuálaíochta sa cháil sin.[18]

I mí an Mhárta 2014, chuir Ollscoil Harvard liostáil poist ar fáil ag lorg iarratasóirí le bheith ina Vicipéideoir cónaithe i Leabharlann Houghton.[22]

I mí Dheireadh Fómhair 2014, d’fhógair Leabharlanna Ollscoil Victoria gur ainmníodh Christian Vandendorpe mar Vicipéideoir cónaithe oinigh don bhliain acadúil 2014/2015 i gcomhar leis an Electronic Textual Cultures Lab (ETCL) agus an Federation for the Humanities and Social Sciences.[23] Ghlac an Dr. Constance Crompton an ról ó 2014-2016, agus an Dr. Erin Glass ina dhiaidh sin ó 2019-2020 agus Silvia Gutiérrez De la Torre ó 2020-2021.[24]

Faoi 2016, bhí níos mó ná 100 Vicipéideoir tar éis páirt a ghlacadh sa ról,[22] agus bhí an chuid is mó díobh íoctha ag na hinstitiúid ina raibh siad ag obair ann nó ag eagraíocht a bhaineann le Vicimeán, agus daoine eile mar oibrithe deonacha.

Sa bhliain 2018 ceapadh Mike Wikison mar “Vicipéideoir i gcoitinne ” sa Nua-Shéalainn, a chuimsigh roinnt cónaitheachtaí ag institiúidí éagsúla ar fud na tíre, lena n-áirítear Auckland Museum.[25][26]

Ról agus dualgais cuir in eagar

Cúiteamh cuir in eagar

Cé nach spreagann an Vicipéid cúiteamh díreach a íoc as eagarthóireacht na n-alt agus go gcuireann sí cosc ar abhcóideacht neamhnochta, ceadaítear do na Vicipéideoirí cónaithe cúiteamh a fháil as obair ar-wiki [27] - trí chreidmheas, stipinn nó tuarastal a thairiscint - trína n-institiúidí urraíochta ar ar choinníoll go gcloíonn siad le treoirlínte dochta i gcoinne caidreamh poiblí nó margaíocht a dhéanamh dá n-institiúid.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.nytimes.com,The New York Times
  2. http://www.boston.com/business/technology/articles/2010/07/12/success_may_be_wikipedias_biggest_challenge/,The Boston Globe
  3. http://www.rsc.org.
  4. https://news.berkeley.edu
  5. https://gsas.columbia.edu
  6. http://www.museumsassociation.org
  7. http://www.insideindianabusiness.com
  8. http://www.mlive.com
  9. https://www.nytimes.com/The New York Times
  10. https://www.nytimes.com/The New York Times
  11. http://www.insideindianabusiness.com/Inside INdiana Business
  12. GLAM Château de Versailles project page, Wikipedia.
  13. GLAM Museu Picasso project page, Wikipedia.
  14. GLAM Derby project page, Wikipedia.
  15. http://www.boston.com/The Boston Globe
  16. =http://philanthropy.com/The Chronicle of Philanthropy
  17. http://blogs.smithsonianmag.com/ Curtha i gcartlann 2014-01-31 ar an Wayback MachineSmithsonian Magazine
  18. 18.0 18.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  19. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-16. Dáta rochtana: 2020-12-31.
  20. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  21. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". MLive.
  22. 22.0 22.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Outreach Wiki.
  23. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-17. Dáta rochtana: 2020-12-31.
  24. "Cóip cartlainne". ETCL. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-30. Dáta rochtana: 2020-12-31.
  25. "Cóip cartlainne" (en). North & South. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-20. Dáta rochtana: 2020-12-31.
  26. GLAM New Zealand Wikipedian at large project page, Wikipedia.
  27. Wikipedia:Conflict of interest#Wikipedians in residence, Wikipedia.

Naisc sheachtracha cuir in eagar