Bhí Vigdís Finnbogadóttir, a rugadh ar an 15 Aibreán sa bhliain 1930, ar an gceathrú hUachtarán ar Phoblacht na hÍoslainne. Chaith sí na blianta ó 1980 go 1996 ina hUachtarán, agus í ar an chéad uachtarán mná a vótáladh isteach riamh.

Infotaula de personaVigdís Finnbogadóttir

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith15 Aibreán 1930
94 bliana d'aois
Réicivíc (Ríocht na hÍoslainne)
4 Uachtarán na hÍoslainne
1 Lúnasa 1980 – 31 Iúil 1996
← Kristján EldjárnÓlafur Ragnar Grímsson → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síDámh na nEalaíon Pháras
Ollscoil na hÍoslainne
Ollscoil Chóbanhávan
Ollscoil Joseph Fourier Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Neamhspleáchais Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis agus Béarla

Rinne Vigdís staidéar ar litríocht agus ar dhrámaíocht in Ollscoil Grenoble, i Sorbonne agus in Ollscoil na hÍoslainne i Réicivíc. Bhain sí amach céim san Oideachas, agus fuair sí post ag Leikfélag Reykjavíkur, ar comhlacht drámaíochta i Réicivíc é.

Ghnóthaigh Vigdís toghchán stairiúil sa bhliain 1980, nó bhí sí ar an chéad Uachtarán mná a toghadh i dtoghchán daonlathach. Vótáladh isteach arís í sna blianta 1984, 1988 agus 1992.

Tá Vigdís ina hambasadóir do UNESCO anois.