Speiceas d'fhíonchaor atá dúchasach ar mór-roinn na hÁise is ea  Vitis amurensis, nó an Fhíonchaor Amúrach . Tagann a hainm ón Amúr, gleann atá sa Rúis agus sa tSín.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoVitis amurensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcaor Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdVitales
FineVitaceae
GéineasVitis
SpeiceasVitis amurensis Cuir in eagar ar Wikidata
Rupr., 1857

Tá sí frithsheasmhach in aghaidh siocáin, ach níl acmhainn aici ar an triomach. De ghnáth, mar speiceas bíonn friotaíocht láidir aici in aghaidh 'anthracnose' agus an fungas colletotrichum, agus bíonn friotaíocht measartha láidir aici in aghaidh coinclí clúmhaí agus coinclí púdraí.

Dáileadh agus éiceolaíocht cuir in eagar

Iarsma is ea Vitis amurensis d'fhásra fothrópaiceacha réamh-oighreach de chuid an Cianoirthir, sroicheann sí leithead geografach Loch Kizi (thart ar an 51ú comhthreomhar). Ar feadh chósta Mhuir na Seapáine ó thuaidh sroicheann sí béal abhainn na Muli, agus réigiún an Amúir ar an taobh thiar - go dtían abhainn Zeya.

Fásann sí i bhforaoisí; na Manchúire, an réigiúin féinrialaitheacha Oblast na hAmúire (Rúisis: Аму́рская о́бласть, nó Amurskaya oblast), na Críoche Priomosky (Rúisis:Примо́рский край nó Primorsky Krai]]), oirdheiscirt na Sín (Anhui, Hebei, Heilongjiang, Jilin, Liaoning, Shandong, Shanxi, Zhejiang), na Seapáine (Honshu) agus na Cóiré.

Tá fíonchaora Amúracha aicmithe i dtrí fhospeiceas:

  • V. amurensis var. amurensis
  • V. amurensis var. dissecta
  • V. amurensis var. yanshanensis

Cur síos luibheolaíoch cuir in eagar

 
Duilleoga Vitis amurensis

Tábhacht agus úsáid cuir in eagar

úsáidtear  fíonchaora Amúracha go forleathan mar phlanda ornáideach le haghaidh garraíodóireachta ingearacha. De ghnáth saothraítear iad chomh fada ó thuaidh le Cathair Pheadair sa Eoraip Rúiseach, áit ina gcuirtear iad. 

Stair an tsaothraithe cuir in eagar

Rinneadh samplaí de V. amurensis san iar-APSS le haghaidh staidéir ar a frithsheasmhacht in aghaidh teochta ísle. Fuarthas cineálacha hibrideacha as an tras V. amurensis x V. viniferaV. labrusca x V. amurensis.

Ceimic cuir in eagar

Is féidir na holigostilbenes amurensin A, B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L and M a fháil  i V. amurensis.

Gailearaí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

  • Fíonchaora hibrideacha

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar