Volodymyr Zelenskyy
Is é Volodymyr Oleksandrovych Zelenskyy[1] (Ucráinis): Володимир Олександрович Зеленський, fuaimnithe mar [woloˈdɪmɪr olekˈsɑndrowɪtʃ zeˈlɛnʲsʲkɪj]; a rugadh ar 25 Eanáir 1978) 6ú huachtarán na hÚcráine agus in oifig faoi láthair. Polaiteoir atá ann a chaith tamall ina aisteoir agus fuirseoir freisin.
Fuair Zelenskyy céim sa dlí ó Ollscoil Náisiúnta na hEacnamaíochta Kyiv. Cuireadh fáilte mhór ina dhiaidh sin roimh a ról mar Uachtarán na hÚcráine ar Searbhónta an Phobail, clár teilifíse. Nuair a sheas sé don uachtaránacht féin, fuair sé breis is 70% de na vótaí.
2021-2022
cuir in eagarÓ mhí na Samhna 2021 ar aghaidh, bhí an teannas ag ardú idir an Rúis agus an Úcráin, agus go leor fórsaí de chuid na Rúise ag bailiú ag an teorainn.[2][3] Nuair a thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, bhí iontas sa phreas san Iarthar gur thug Zelenskyy óráidí inar sheas sé an fód.[4][5]
Caimiléireacht
cuir in eagarLéirigh na Páipéir Pandora i mí Dheireadh Fómhair 2021 go raibh líonra de chuideachtaí amach ón gcósta sna hOileáin Bhriotanacha na Maighdean, sa Chipir agus san Bheilís ag Zelenskyy agus a phríomhchúntóir agus ceann Sheirbhís Slándála na hÚcráine Ivan Bakanov. I measc na gcuideachtaí seo bhí cuid acu a raibh maoin chostasach acu i Londain. Timpeall an ama a toghadh é in 2019, thug Zelenskyy a chuid scaireanna i gcuideachta thábhachtach amach ón gcósta ar láimh do Sergei Shefir, ach is cosúil go ndearna an bheirt fhear socrú go leanfadh teaghlach Zelenskyy ag fáil an airgid ó na cuideachtaí seo.[6]
Bhí feachtas toghcháin Zelenskyy dírithe ar ghealltanais chun rialtas na hÚcráine a ghlanadh suas.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Dickinson, Peter (2019-06-09). "Zelensky, Zelenskiy, Zelenskyy: Spelling Confusion Doesn't Help Ukraine" (en).
- ↑ "Ukraine still backs Zelenskyy despite slow progress" (en). Chatham House – International Affairs Think Tank (2021-11-16). Dáta rochtana: 2022-02-28.
- ↑ Al Jazeera Staff. "‘No other option’: Excerpts of Putin’s speech declaring war" (en). www.aljazeera.com. Dáta rochtana: 2022-02-28.
- ↑ "site:.rte.ie "Uachtarán na hÚcráine" Volodymyr Zelensky - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-03-01.
- ↑ "site:.tuairisc.ie "Zelensky" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-03-01.
- ↑ Pandora Papers Reveal Offshore Holdings of Ukrainian President and his Inner Circle