Difríocht poitéinsil

(Athsheolta ó Voltas)

Cainníocht sa bhfisic is ea difríocht poitéinsil (leictreach), a dtugtar an voltas uirthi freisin. Úsáidtear an tsiombail U di, agus tomhaistear in aonad voltaí (V) í. Bíonn difríocht poitéinsil idir dhá phointe nuair is gá obair a dhéanamh i gcoinne réimse leictrigh chun lucht a aistriú ó phointe amháin go pointe eile. Faightear neart an réimse leictrigh idir na pointí tríd an difríocht poitéinsil eatarthu a roinnt ar an bhfad eatarthu. Tugann an difríocht poitéinsil idir teirminéil bataire tomhas ar chumas an bhataire sruth a rith timpeall ciorcaid.[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilDifríocht poitéinsil
SiombailU agus V Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Samplaí de dhifríocht poitéinsil iad cadhnraí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Difríocht poitéinsil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.