is Indiaigh Mheiriceá iad na Wampanoag. Cé go bhfuil na milliúin daoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa lá atá inniu ann a mhaíonn gur de shliocht lucht an Mayflower iad, níl ach thart ar 5,000 Wampanoag fós ina mbeatha ansin.[1]

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaWampanoag
Cineálgrúpa eitneach
Tíreolaíocht
StáitMassachusetts

Bhí na Wampanoag ina gcónaí sa Massachusets le thart ar 12,000 bliain roimhe teacht i dtír na Mayflower. Meastar go raibh tuairim is 15,000 de phobal acu ann ag tús an 16ú haois,. Ach cúpla bliain roimh theacht an Mayflower, rinne plá a tholg siad ó Eorpaigh scrios orthu, agus cuireadh thart ar 70% den daonra den saol. Thug na háitritheoirí nua aicídí eile anoir chucu – an bholgach agus an diftéire mar shampla.[1]

 

Na chéad bhlianta sin, thugadh na Wampanoag lámh chúnta do na coilínigh leis an bhfómhar a chur is a bhaint. Ceiliúradh ar fhómhar na bliana 1621, tráth ar bhronn an pobal dúchais arbhar agus turcaithe ar na coilínigh, atá sa bhféile Thanksgiving nó Lá an Altaithe.

In imeacht na mblianta, de réir mar a ghlac na coilínigh seilbh ar níos mó den talamh a bhí ag na Wampanoag, tharla aighnis eatarthu.

Ba é an cogadh fuilteach, ar a dtugtar Cogadh Rí Philip, sna 1670idí a chuir deireadh le ré na Wampanoag agus aon phobal dúchasach eile i Sasana Nua. Rinneadh sclábhaithe de go leor den phobal dúchasach a tháinig slán ón gcogadh. Bhí cead a gcinn ag na coilínigh feasta seilbh a ghlacadh ar níos mó talún.[1]

 
Rinne na Wampanoag ionsaí ar long Capt. Nicholas Hobson, sa bhliain 1614, Martha's Vineyard

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Ciarán Ó Cualáin (2020). "Ag éisteacht le Joe Biden, ba dheacair gan lucht an Mayflower a thabhairt chun cuimhne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-21.