Long Shasanach ab ea an Mayflower, a d'ardaigh a cuid seolta sa bhliain 1620 chun an Domhan Úr agus saoirse a bhaint amach.[1] Bhí 102 paisinéir ar bord, oilithrigh cuid acu. Tháinig siad i dtír in Plymouth, Massachusetts, i Meiriceá ar 21 Nollaig 1620.[2]

Bosca Sonraí SoitheachMayflower
Stair
Úinéir/í
Saintréithe teicniúla
Cineálfluyt (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Díláithriú180 t Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir na crainn3 Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá rómánsach, gan dabht

Na "Pilgrim Fathers" a thugtar ar lucht an Mayflower sa lá atá inniu ann, ainm nár tugadh orthu go dtí 1820.

Cúlra cuir in eagar

Bhí Plandáil Uladh ar bun le 11 bliain nuair a chuir lucht an Mayflower tús lena n-aistear sa bhliain 1620.[3]

"Separatists" nó "Scarúnaithe" a bhí iontu seo, Piúratánaigh radacacha a raibh sé mar aidhm acu scaradh le hEaglais Shasana toisc gur shíleadar go raibh an eaglais sin fós ag cloí an iomarca le traidisiúin agus searmanais na hEaglaise Caitlicigh.

Bhí 12 bliain caite ag na Separatists i Leiden san Ísiltír i ndiaidh dóibh teitheadh ó ghéarleanúint i Sasana. Ach nuair a bhí cogadh ag bagairt idir an Ísiltír agus an Spáinn, rinne siad cinneadh imeacht chuig an Domhan Úr, áit ina mbeadh deiseanna eacnamaíochta sa mbreis acu chomh maith.[3]

 
Teacht i dtír, Nollaig 1620ː líníocht ó 1876 agus iomhá rómánsach gan dabht

Bhíodar ag iarraidh maireachtáil go neamhspleách de réir fhocail an Bhíobla. Bhíodar uilig ag leanacht na comhairle a thug Dia d’Abrahám i Leabhar Gheineasas: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d’athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.”

Bhí chuile rud a tharla leagtha amach ag Dia, dar leo, agus bhí an cine daonna roinnte idir an dream a bhí roghnaithe ag Dia agus an dream nach raibh. (Bhí Cromail féin tamall ina Scarúnaí agus é ina fhear óg agus deirtear go ndearna sé iarracht dul ar imirce go Connecticut i 1634, ach nár cheadaigh rialtas Sasana dó imeacht.)[3]

Aistear cuir in eagar

Ceardchomhlacht i gcathair Londan a chuir an t-airgead ar fáil dóibh le coilíneacht a bhunú, ceann de na dreamanna céanna a rinne maoiniú ar na plandálaithe i gCúige Uladh agus ar ainmníodh Londonderry ina n-onóir i 1613.

Chuir na hOilithrighh chun farraige ar 16 Deireadh Fómhair 1620 i long a úsáideadh roimhe sin le fíon a iompar.

Bhí 102 paisinéir ar bord, idir ghasúir, daoine fásta, agus searbhóntaí, chomh maith le criú.. tríocha, nó mar sin (liosta iomlán anseo[4]). Bhí barraíocht daoine ar an long.

 
macasamhail lánscála in Plymouth MA inniu

Dream faoi leith a bhí i 37 de na paisinéirí agus is féidir sin a aithint ó na hainmneacha a bhaist siad ar a gclann: Humility Cooper, Remember Allerton, Desire Minter, Resolved White, agus na deartháireacha Love agus Wrestling Brewster (ag iomrascáil le Dia a bhí i gceist ag William Brewster nuair a thug sé an t-ainm sin ar a mhac. Bhí beirt iníonacha le Brewster, Fear agus Patience, fágtha sa mbaile aige.).

Separatists nó Scarúnaithe a bhí iontu seo, Rinneadh géarleanúint reiligiúnach orthu i Sasana.

 
ní raibh níl mórán spáis ann taobh istigh ǃ

Piúratánaigh a bhí sásta fanacht in Eaglais Shasana agus dul i gcion uirthi “ón taobh istigh” a bhí sa chuid eile den dream a thug faoin aistear seo.

Teacht i dtír cuir in eagar

 
cuimhneachán trí chéad bliain

Ba sa cheantar ar ar baisteadh New England nó Sasana Nua, ceithre bliana roimhe sin, in 1616, a tháinig a long, an Mayflower, i dtír ar 19 Samhain 1620, 66 lá tar éis dóibh Plymouth in Devon Shasana a fhágáil. Shroich siad Cape Cod[5] ar dtús.[6]

Bhí siad ar a mbealach go Virginia, áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith.[7] Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i dtír ansin in Plymouth[8], Massachusetts.

Fáilte cuir in eagar

Fuair 49 den 102 oilithreach bás an geimhreadh sin, ach threabhadar leo, agus le cúnamh Indiaigh darbh ainm Squanto, a raibh Béarla aige ó na blianta a chaith sé mar sclábhaí ag na Sasanaigh, d’fhoghlaimíodar modhanna feirmeoireachta. Mhair an chuid is mó acu trí 1621,'

Bhí na hIndiaigh, na Wampanoag ina gcónaí sa cheantar sin le thart ar 12,000 bliain roimhe sin. Meastar go raibh tuairim is 15,000 de phobal acu ann ag tús an 16ú haois,. Ach cúpla bliain roimh theacht an Mayflower, rinne plá a tholg siad ó Eorpaigh scrios orthu, agus cuireadh thart ar 70% den daonra den saol.[9] Thug na háitritheoirí nua aicídí eile anoir chucu – an bholgach agus an diftéire mar shampla.

 
cuimhneachán trí chéad bliain

Oidhreacht cuir in eagar

Maíonn na milliúin duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa lá atá inniu ann gur de shliocht lucht an Mayflower iad. Faraor níl ach thart ar 5,000 Wampanoag fós ina mbeatha ansin.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mayflower | History, Voyage, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2020-12-21.
  2. "395 Years Ago Today, Pilgrims Landed in Plymouth" (en-US). Plymouth 400, Inc. (2015-12-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-21. Dáta rochtana: 2020-12-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Ciarán Ó Cualáin (2020). "Ag éisteacht le Joe Biden, ba dheacair gan lucht an Mayflower a thabhairt chun cuimhne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-21.
  4. "List of Mayflower passengers" (as en) (2020-11-29). Wikipedia. 
  5. "Cape Cod" (as en) (2020-11-27). Wikipedia. 
  6. "Who were the Pilgrims? | Plimoth Plantation". www.plimoth.org. Dáta rochtana: 2020-12-21.
  7. Brian Ó Broin (2006). "Lá Altaithe: an fhéile is ansa leis na Meiriceánaigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-21.
  8. "Plymouth Harbor" (as en) (2020-05-06). Wikipedia. 
  9. "Pilgrim fathers: harsh truths amid the Mayflower myths of nationhood" (en). the Guardian (2020-09-20). Dáta rochtana: 2020-12-21.