Ábhair shaorga, den chuid is mó, ar féidir go mbeidh iarmhairtí dochracha acu ar shláinte daoine. Má chuirtear de láimh iad go mícheart, éillíonn is truaillíonn siad an comhshaol. Samplaí is ea ábhair thocsaineacha, miotail throma (cosúil le luaidhe, mearcair, caidmiam), fuíoll radaighníomhach ó stáisiúin núicléacha is déanamh arm núicléach. Is ábhar imní maidir leis an gcomhshaol is sláinte daoine i gcuid mhaith tíortha cur de láimh na n-ábhar seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ábhair ghuaiseacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 8.