Is é ata in ábhar cliste ná ábhar a fhreagraíonn ar bhealach sainiúil meicniúil do thruicear ar leith. Athrú brú, teochta, réimse leictrigh nó réimse mhaighnéadaigh a fhéadfaidh a bheith mar thruicear. Athrú i méid, cruth, righneas, dath, trédhearcacht nó poitéinseal leictreach a fhéadfaidh a bheith mar fhreagairt.

Is miotail iad cóimhiotail cruthchuimhne (SMA) a fhilleann ar a mbunchruthanna déanta nuair a théitear iad. Rinneadh aeróga satailítí as SMAs agus nuair a sheoltar sruth leictreach tríothu len iad a théamh, leathann siad amach ina n-aeróga feidhmeacha. Baintear feidhm as criostail chliste, a ghineann comhartha leictreonach nuair a dhíchumtar iad, mar bhraiteoirí. Athraíonn cinn eile a ndath nuair a athraíonn an teocht, agus is féidir iad a úsáid mar rabhaidh. Tá ceimicí cliste a leathnaíonn nó a chrapann mar fhreagairt ar chomhartha leictreach, agus is féidir iad a úsáid mar mhatáin shaorga. Is féidir leachtanna cliste, a théachtann nuair a chuirtear réimse maighnéadach i bhfeidhm orthu, a úsáid chun creathanna i meaisíní a mhaolú, nó mar chosaint i réigiúin a fhulaingíonn creathanna talún.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ábhar cliste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 8.