Áiritheoir comhréireach

Is éard is áiritheoir comhréireach ann ná feiste chun conairí cáithníní luchtaithe a chruthaítear i dturgnaimh i bhfisic na gcáithníní a mhonatóiriú. Bíonn eagair leictreoidí sreinge ann le réimse leictreach a chruthú chun na hiain, a dhéanann an sruth cáithníní luchtaithe, a luasghéarú. Gineann na hiain seo bíoga voltais idir na leictreoidí, agus taifeadtar iad seo go leictreonach chun léarscáil chonairí na gcáithníní a chur ar fáil. Foirmeacha coitianta áiritheora chomhréirigh is ea an síobfheadán is an t-áiritheoir comhréireach ilsreangach. Bhuaigh an fisicí Francach Georges Charpak (1924-2020) Duais Nobel na Fisice i 1992 as ceapadh an áiritheora dheireanaigh seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Áiritheoir comhréireach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.