Áirse
San ailtireacht, is éard is áirse[1] ann ná cuid d'fhoirgneamh nó struchtúr as féin, a dhéantar as clocha dingchruthacha nó píosaí eile, os cionn oscailte, a choinníonn í féin suas chomh maith le haon ualach os a cionn. Bíonn áirsí clasaiceacha is Normannacha leathchiorclach. Tá stíleanna eile ann le cruthanna éagsúla: éilips, crú, bior, pointe, cuar is eile. Baintear feidhm as áirse chúnta, áirse gan oscailt, chun cuid d'ualach an bhalla a dhíriú amach ó áirse atá níos ísle sa bhalla.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): áirse” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Áirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 27.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |