Éadbhard VIII na Ríochta Aontaithe
Bhí Éadbhard VIII (23 Meitheamh 1894 – 28 Bealtaine 1972) ina rí ar an Ríocht Aontaithe agus ar na Tiarnais Bhriotanacha thar lear, chomh maith le bheith mar Impire na hIndia.
Mhair a réimeas ó bhás a athair, ar 20 Eanáir 1936, go dtí gur éirigh sé féin as an gcoróin ar 11 Mí na Nollag 1936.
Spreag sé géarchéim bhunreachtúil nuair a theastaigh uaidh bean Mheiriceánach cholscartha, darbh ainm Wallis Simpson, a phósadh. D'éirigh sé as an gcoróin ar mhaithe lena rogha bean chéile a phósadh agus tháinig a dheartháir, Seoirse VI, i gcomharbacht air.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |