Éamon de Buitléar

scríbhneoir agus ceoltóir Éireannach (1930–2013)

Ba scríbhneoir, ceoltóir agus déantóir scannán Éireannach é Éamon de Buitléar (22 Eanáir, 1930 - 27 Eanáir, 2013)[1][2] nó Éamon Óg de Buitléar[3] (agus Buitléarach eile ann, 1902–1981, gaol ar bith[4]). Sa bhliain 1987, ainmníodh é mar bhall de Sheanad Éireann ag an Taoiseach, Charles Haughey chuig an 18ú Seanad Éireann.

Infotaula de personaÉamon de Buitléar
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Éamon Óg de Buitléar Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Eanáir 1930
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Eanáir 2013
83 bliana d'aois
Deilgne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
25 Aibreán 1987 – 5 Iúil 1989
Téarma parlaiminte: 18ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir scannán, ceoleolaí, ceoltóir, polaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCairdín
Teaghlach
AthairÉamon de Buitléar


Last fm: Eamon+de+Buitlear Musicbrainz: 5299c0ed-153c-4c8c-b75e-eb8c3c8615b7 Discogs: 3692013 Allmusic: mn0002846009 Cuir in eagar ar Wikidata
Fiadhúlra in Éirinn

Bhí athair Éamon i gceannas ar an gCéad Chath d’Arm na hÉireann agus níos déanaí, aide-de-camp Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde. I gcathair na Gaillimhe a rugadh Éamon agus tógadh é i dteaghlach a labhair Gaeilge. Tháinig sé go mór faoi thionchar mhuintir Chúil Aodha i gCorcaigh go luath ina shaol agus é ar saoire ann lena athair. Is ann a d’fhoghlaim sé cuid mhór faoin dúlra agus faoin iascaireacht. Ba ansin a bhuail sé le Seán Ó Riada.[5]

Níorbh ionadh é mar sin go bhfuair sé post sé ag obair sa siopa Garnett and Keegan's and Helys sna 1940idí, ag díol fearas iascaireachta agus gránghunnaí. Bhí siopa dá chuid féin aige ar ball. .

Phós sé Laillí Lamb ón gCeathrú Rua (de shliocht Ford Madox Ford a máthair agus Charles Lamb, péintéir mórcháiliúil, a hathair).

 
Teilifís Éireann
 
Seanad Éireann

Sna 1960dí, le Gerrit Van Gelderen, rinne an Buitléarach cláracha fiadhúlra do RTÉ. Thuil sé cáil náisiúnta mar nádúraí agus mar chraoltóir raidió agus teilifíse. B’fhéidir a rá gurbh é an clár teilifíse Amuigh faoin Spéir a chuir a ainm i mbéal phobal na hÉireann.[6][7]

Ba é stiúrthóir bainistíochta Éamon de Buitléar Ltd. é, comhlacht a rinne cláracha faisnéise teilifíse. Ba é an t-aon léiritheoir neamhspleách teilifíse in Éirinn é ag an am.

Sa bhliain 1986, bhuaigh an Buitléarach Jacob's Award dá chlár teilifíse Cois Farraige leis an Madra Uisce. Rinneadh scannáin as a chuid leabhar agus coimisiúin iomadúla ó RTÉ, BBC agus stáisiúin eile.[8]

Ceapadh é ar an bPríomh-Bhord Iascaigh sa bhliain 2005.[9] Bhronn Ollscoil Náisiúnta na hÉireann dochtúireacht oinigh (D.Sc.) air in 1991.

 
Séan Ó Riada

Bhí baint ag Éamon de Buitléar leis an gceol traidisiúnta Éireannach le Seán Ó Riada agus bhí baint aige le bunú Cheoltóirí Chualann (1960-1969).

Scannánliosta

cuir in eagar
  • The Natural World and The Living Isles (BBC);
  • Exploring the Landscape - television series (RTÉ);
  • Ireland's Wild Countryside - television series (RTÉ);
  • A Life in the Wild - television series (RTÉ);
  • Wild Islands (RTÉ, S4C and STV);
  • Nature Watch (ITV);
  • Éiníní and Ainimhithe na hÉireann (TG4).
  1. "Film-maker Eamon de Buitlear dies at 83". RTÉ News and Current Affairs. Dáta rochtana: 28 January 2013.
  2. "Death Notice of Éamon de BUITLÉAR" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2019-01-28.
  3. "DE BUITLÉAR, Éamon Óg (1930–2013)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-14.
  4. "DE BUITLÉAR, Éamon (1902–1981)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-14.
  5. 5.0 5.1 "Eamon's walk on the (slightly) wild side". Irish Independent. Dáta rochtana: 28 January 2013.
  6. "Éamon de Buitléar Archive" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2021-01-14.
  7. "An Buitléarach ar an Late Late Show".
  8. "Éamon de Buitléar profile". Irish Film and Television Network. Dáta rochtana: 2006-06-08.[nasc briste go buan]
  9. "New post for De Buitléar". Bray people. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-03. Dáta rochtana: 2006-06-08.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar