Éasc San Andreas
Éasc an-mhór i screamh an Domhain a théann 950 km trí iarthuaisceart California go dtí fásach Colorado, ar an teorainn idir plátaí teicteonacha an Aigéin Chiúin is Mheiriceá sa screamh, atá ag sleamhnú timpeall 1 cm sa bhliain thar a chéile. Tarlaíonn creathanna talún má tharlaíonn sleamhnú tobann, rud a tharla i 1906 sa chrith talún a scrios San Francisco, agus arís i 1989, 1993 is 1994.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |