Banríon Éireann ba ea Órlaith íngen Cennétig. Cuireadh chun báis as adhaltranas í sa bhliain 941.

Infotaula de personaÓrlaith ingen Cennétig
Beathaisnéis
Breith10 haois
Bás941 (Féilire Ghréagóra)
Siocair bháisPionós an bháis
Eile
Teideal uasalBanríon Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDonnchad Donn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCennétig mac Lorcáin

Is í Órlaith an t-aon iníon amháin le Cinnéide mac Lorcáin, rí Tuamhan (bás 951) a fheictear sna hannála. I measc a dheartháireacha, bhí Mathúin (rí Mhumhan c. 970-976) agus Brian Bóramha (Ardrí na hÉireann 1002–14). An dara céile leis an Ardrí, Donnchad Donn, a bhí sí.

Cúisíodh Órlaith i gcaidreamh collaí lena leasmhac, Aonghas mac Donnchadha Dhoinn. Fuarthas ciontach í agus cuireadh chun báis í, cé nach fios cén chaoi. Mhair Aonghas agus tháinig seo gcomharbacht ar a athair. Ní fios an raibh clann aici féin.

Tagairt annál cuir in eagar

Insítear i Chronicon Scotorum sub anno 941, state that:[1]

Orlaith ingen Cinneididh meic Lorcáin do bas la Donnchadh mac Flainn rí Eirenn iarna liudh[2] for Aongus for a mac.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Chronicon Scotorum, CS 941
  2. liïd (b), líomhain, cúisigh [i gcaidreamh collaí neamhcheadaithe]