Úsáideoir:MALA2009/Óráid Gettysburg
Óráid ba ea Óráid Gettysburg a thug Uachtarán na Stát Aontaithe, Abraham Lincoln, agus tá an óráid ar cheann de na hóráidí is minice a ndéantar tagairt dóibh i stair na Stát Aontaithe. Tugadh an óráid i Reilig Náisiúnta na Saighdiúirí in Gettysburg, Pennsylvania, tráthnóna Déardaoin an 19 Samhain, sa bhliain 1863 le linn Chogadh Cathartha Mheiriceá. Bhí ceithre mhí go leith caite tar éis d’airm an Aontais an ceann is fearr a fháil ar Lucht na Comhdhála ag Cath cinniúnach Gettysburg.
Thuill óráid Abraham Lincoln ─ a cuireadh i dtoll a chéile le dúthracht ─ ardmheas ar an lá in ainneoin nárbh í príomhóráid an lae í. Meastar anois go bhfuil sí ar cheann de na móróráidí is fearr a tugadh riamh i stair Mheiriceá. Laistigh de dhá nóiméad nó beagán níos mó, ba iad prionsabail chomhionannais an duine a d’impigh Lincoln ar an bpobal a chur chun cinn. Prionsabail ba ea iad a chosain Forógra Saoirse Mheiriceá. Rinne Lincoln an Cogadh Cathartha a athshainmhíniú ní hamháin mar choimhlint ar son an Aontais, ach mar “new birth of freedom” a thabharfadh fíorchomhionannas dá saoránaigh ar fad, agus a chruthódh náisiún aontaithe, nach mbeadh cearta na stát i gceannas a thuilleadh ann.
Thosaigh sé leis an abairt “Four score and seven years ago...”, abairt a bhfuil cáil mhór bainte amach aici. Thagair Lincoln d’imeachtaí an Chogaidh Cathartha agus dúirt sé gur deis a bhí sa searmanas in Gettysburg tailte na reilige a choisreacan, ach freisin na daoine a thiomnú don choimhlint chun an méid seo a leanas a chinntiú: “government of the people, by the people, for the people, shall not perish from the earth”.
In ainneoin go bhfuil áit shuntasach bainte amach ag an óráid i stair agus i gcultúr coitinn na Stát Aontaithe, táthar idir chamáin faoi fhoclaíocht chruinn na hóráide. Tá difríochtaí le feiceáil sna sonraí idir na cúig lámhscríbhinn aitheanta d’Óráid Gettysburg agus tá difríochtaí freisin idir iad agus athchlónna den óráid i nuachtáin na linne sin.
Cúlra
cuir in eagarIdir 1–3 Iúil na bliana 1863, throid 160,000 saighdiúir Meiriceánach i gCath Gettysburg, rud a chuir athrú treo ar an gCogadh Cathartha. Bhí tionchar mór ag an gcath ar bhaile Gettysburg, in Pennsylvania, ina raibh cónaí ar 2,400 duine. Bhí breis is 7,500 saighdiúir agus na mílte capall d’Arm Potomac agus d’Arm Lucht na Comhdhála ó Thuaisceart Virginia sínte marbh ar an láthair chatha. Bhí boladh marfach le fáil mar gheall ar bhréantas na gcorp lofa in aer tais mhí Iúil.
Bhí sé mar phríomhthosaíocht ag an gcúpla míle cónaitheoir i mbaile Gettysburg na mairbh a chur ar bhealach díniteach agus eagraithe. Ar dtús, bheartaigh an baile talamh a cheannach le haghaidh reilige agus ansin iarradh ar theaghlaigh na marbh íoc as a n-adhlacadh. Chuir David Wills, aturnae saibhir 32 bliain d’aois, ina choinne sin agus scríobh sé chuig Gobharnóir Pennsylvania, Andrew Gregg Curtin, agus é ag moladh Reilig Náisiúnta a bheadh maoinithe ag na stáit. Tugadh údarás do Wills 17 n-acra (69,000 méadar cearnach) a cheannach le haghaidh reilige in onóir dóibh siúd a cailleadh i gcath an tsamhraidh agus d’íoc sé $2,475.87 ar an talamh.
Bheartaigh Wills i dtosach báire an reilig nua sin a thiomnú ar an gCéadaoin, an 23 Deireadh Fómhair, agus thug se cuireadh do Edward Everett labhairt mar phríomhchainteoir. Bhí Everett mar Rúnaí Stáit, Seanadóir na Stát Aontaithe, Ionadaí na Stát Aontaithe, Gobharnóir Massachusetts, uachtarán Ollscoil Harvard agus iarrthóir leasuachtaráin. Bhí mórcháil ar Everett mar óráidí ag an am. Mar fhreagra, dúirt Everett le Wills agus a choiste eagraithe nach mbeadh sé in ann óráid fheiliúnach a ullmhú in achar ama chomh gearr sin, agus d’iarr sé orthu an dáta a chur siar. D’aontaigh an coiste, agus cuireadh an dáta siar go dtí an Déardaoin, an 19 Samhain.
Thug Wills agus an coiste cuireadh d’Uachtarán Lincoln páirt a ghlacadh sa searmanas, cé gur athsmaoineamh de shaghas a bhí ann. Luaigh litir Wills, “It is the desire that, after the Oration, you, as Chief Executive of the nation, formally set apart these grounds to their sacred use by a few appropriate remarks.” Fuair Lincoln fógra foirmiúil faaoin gcuireadh chun páirt a ghlacadh agus gan ach seacht lá dhéag aige chun ullmhú a dhéanamh roimh an searmanas, in ainneoin gur tugadh cuireadh do Everett 40 lá níos túisce: “Although there is some evidence Lincoln expected Wills’s letter, its late date makes the author appear presumptuous...Seventeen days was extraordinarily short notice for presidential participation even by nineteenth-century standards.” Ina theannta sin, léirigh litir Wills go soiléir don uachtarán “that he would have only a small part in the ceremonies”, cosúil leis an traidisiún nua-aimseartha, b’fhéidir, ina dtugtar cuireadh do dhuine cáiliúil ribín a ghearradh ag móroscailt.
Shroich Lincoln Gettysburg ar an traein an 18 Samhain agus chaith sé an oíche mar aoi i dteach Wills i gcearnóg bhaile Gettysburg, áit ar chuir sé bailchríoch ar an óráid a scríobh sé in Washington D.C.. Níor chríochnaigh Lincoln a óráid ar an traein ná níor scríobh sé ar chúl chlúdach litreach í, in ainneoin gach ar cheap an pobal i gcoitinn. Níl an scéal sin ar aon dul leis an scéal go raibh dréachtaí éagsúla ar pháipéarachas Executive Mansion ann, mar aon le tuairiscí de dhréacht deiridh Lincoln agus é mar aoi ag David Wills in Gettysburg. Seo Lincoln ar chapall cróin donnrua ar maidin an 19 Samhain ag 9:30 a.m., agus é ag marcaíocht le Rúnaí Stáit William H. Seward agus Rúnaí an Státchiste, Salmon P. Chase. Bhí duine acu ar gach aon taobh de agus iad ar mórshiúl leis na daoine uaisle, le lucht an bhaile mhóir, agus leis na baintreacha a bhí ag máirseáil i dtreo na dtailte a bhí le tiomnú.
Meastar gur isteach agus amach le 15,000 duine a d’fhreastail ar an searmanas, lena n-áirítear gobharnóirí a bhí i gceannas sé cinn de 24 stát an Aontais: Andrew Gregg Curtin ó Pennsylvania, Augustus Bradford ó Maryland, Oliver P. Morton ó Indiana, Horatio Seymour ó Nua-Eabhrac, Joel Parker ó New Jersey, agus David Tod ó Ohio. D’fhreastail an polaiteoir Ceanadach William McDougall ar an ócáid mar aoi Lincoln. Táthar idir chamáin faoi shuíomh cruinn an chláir taobh istigh den reilig. Cuireadh tús le hathadhlacadh na gcorp ó uaigheanna páirce go dtí an reilig roinnt míonna tar éis dheireadh an chatha, ach ní raibh sé ach leathchríochnaithe ar lá an tsearmanais.
Tábhacht pholaitiúil
cuir in eagarFaoi Lúnasa na bliana 1863, bhí ceathrú milliún ainm ar liostaí na dtaismeach mar gheall ar chathanna an Chogaidh Chathartha. Bhí daoine in aghaidh an chogaidh agus in aghaidh Lincoln sa Tuaisceart dá bharr. Theastaigh ó Dhaonlathaigh Shíochána, ar a dtugtaí Copperheads, Lincoln a bhriseadh as a phost i dtoghchán na bliana 1864 chun deireadh a chur leis an gcogadh trí dheonú do Lucht na Comhdhála, agus sa bhliain 1863 is beag tóir a bhí ar choinscríobh míleata Lincoln. Bhí fuath maidir le coinscríobh míleata Lincoln ar bhuaicphointe agus ní raibh ach deich lá caite tar éis Chath Gettysburg nuair a tharla Círéibeacha Coinscríofa Nua Eabhrac. I Meán Fómhair na bliana 1863, d’fhógair an Gobharnóir Curtin do Lincoln go raibh cúrsaí polaitíochta ag iompú in aghaidh na hiarrachta cogaidh:
If the election were to occur now, the result would be extremely doubtful, and although most of our discreet friends are sanguine of the result, my impression is, the chances would be against us. The draft is very odious in the State... the Democratic leaders have succeeded in exciting prejudice and passion, and have infused their poison into the minds of the people to a very large extent, and the changes are against us.
An bhliain dár gcionn bheadh an toghchán Uachtaránachta ar siúl, agus bhí imní ar Lincoln go mbeadh na Copperheads i gcumhacht. Go deireanach i samhradh na bliana 1864, bhí Lincoln den bharúil i gcónaí go mbrisfeadh an freasúra as a phost é. I bhfómhar na bliana 1863, bhí sé mar phríomhthosaíocht ag Lincoln misneach an Aontais a dhíriú i dtreo na hiarrachta cogaidh. Bhí an cuspóir sin mar phríomhaidhm ag Óráid Lincoln in Gettysburg.
Clár agus “Óráid Everett in Gettysburg”
cuir in eagarTá téacs bunaidh a bhaineann leis an airteagal seo ag Wikisource: Óráid Gettysburg Bhí an méid seo a leanas ar an gclár a d’eagraigh Wills agus a choiste don lá sin:
- Ceol le Banna Birgfield
- Paidir leis an Urramach T.H. Stockton, D.D.
- Ceol leis an mBanna Muirí
- Óráid le Edward Everett Onórach
- Ceol, Iomann cumtha ag B.B. French, Uasal
- Cúpla Focal mar Thiomnú, le hUachtarán na Stát Aontaithe
- Caoineadh, canta agus roghnaithe don ócáid
- Beannacht, leis an Urramach H.L. Baugher, D.D.
Ba í óráid Everett príomhóráid Gettysburg an lae. Ba mar seo a leanas a cuireadh tús lena óráid ina raibh 13,607 focal:
Standing beneath this serene sky, overlooking these broad fields now reposing from the labors of the waning year, the mighty Alleghenies dimly towering before us, the graves of our brethren beneath our feet, it is with hesitation that I raise my poor voice to break the eloquent silence of God and Nature. But the duty to which you have called me must be performed; — grant me, I pray you, your indulgence and your sympathy.
Agus chríochnaigh sé dhá uair ina dhiaidh sin leis an méid seo a leanas:
But they, I am sure, will join us in saying, as we bid farewell to the dust of these martyr-heroes, that wheresoever throughout the civilized world the accounts of this great warfare are read, and down to the latest period of recorded time, in the glorious annals of our common country, there will be no brighter page than that which relates the Battles of Gettysburg.
Glacadh go maith leis an óráid mar gheall go raibh sí léannta, corraitheach agus tugtha go maith, ach bhí dearmad déanta uirthi tar éis cúpla nóiméad.
Téacs Óráid Gettysburg
cuir in eagarLabhair Lincoln, lena thuin challánach de bhunús Kentucky, ar feadh dhá nó trí nóiméad i ndiaidh na hóráide sásúla sin. Rinne Lincoln achoimre ar an gcogadh i ndeich n-abairt lena chúpla focal feiliúnach (“few appropriate remarks”).
In ainneoin go raibh tábhacht stairiúil ag baint le hóráid Lincoln, tá scoláirí idir dhá intinn sa lá atá inniu ann maidir leis an bhfoclaíocht chruinn a d’úsáid sé. Tá difríochtaí le feiceáil san fhoclaíocht, sa phoncaíocht agus sa struchtúr i leaganacha trascríofa den imeacht a foilsíodh sna nuachtáin chomhaimseartha agus i gcóipeanna lámhscríofa Lincoln féin. Maidir leis na leaganacha sin, tá mórán daoine den bharúil gurb í cóip Bliss an phríomhchóip. Scríobhadh an chóip sin i bhfad i ndiaidh na hóráide mar ghar do chara. Tá an téacs difriúil, áfach, leis na leaganacha scríofa a d’ullmhaigh Lincoln roimh a óráid agus ina diaidh. Is é an t-aon leagan é atá sínithe ag Lincoln féin, agus is é an ceann deireanach a scríobh sé a bhfuil eolas air.
“ | Four score and seven years ago our fathers brought forth on this continent a new nation, conceived in Liberty, and dedicated to the proposition that all men are created equal.
Now we are engaged in a great civil war, testing whether that nation, or any nation, so conceived and so dedicated, can long endure. We are met on a great battle-field of that war. We have come to dedicate a portion of that field, as a final resting place for those who here gave their lives that that nation might live. It is altogether fitting and proper that we should do this. But, in a larger sense, we can not dedicate — we can not consecrate — we can not hallow — this ground. The brave men, living and dead, who struggled here, have consecrated it, far above our poor power to add or detract. The world will little note, nor long remember what we say here, but it can never forget what they did here. It is for us the living, rather, to be dedicated here to the unfinished work which they who fought here have thus far so nobly advanced. It is rather for us to be here dedicated to the great task remaining before us — that from these honored dead we take increased devotion to that cause for which they gave the last full measure of devotion — that we here highly resolve that these dead shall not have died in vain — that this nation, under God, shall have a new birth of freedom — and that government of the people, by the people, for the people, shall not perish from the earth. |
” |
Cáineadh
cuir in eagarNíor measadh go raibh mórán ratha ar Óráid Gettysburg ag an am. Deir roinnt tuairiscí finné súl gur ar éigean a bhí aon duine ag bualadh bos Áirítear neamhshuim, moladh leataobhach a d’fhéadfaí a thuar, agus cáineadh ar na tuairiscí a bhí sna nuachtáin faoi. Rinne scoláirí agus iriseoirí éagsúla anailís ar an óráid ghearr ina dhiaidh sin, áfach. Ba chúis mhagaidh é an tuairim do Lysander Spoonerdon, dlíodóir a bhí gníomhach sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta, gurb é an cogadh a shábháil an tír agus an tAontas glórmhar. (“Saved the Country,” agus “Preserved our Glorious Union”.) Scríobh sé an méid seo a leanas: “the only idea they have ever manifested as to what is a government of consent, is this - that it is one to which everybody must consent, or be shot.”
San fhichiú haois, scríobh an t-iriseoir Meiriceánach H.L. Mencken an méid seo a leanas:
“The Gettysburg speech was at once the shortest and the most famous oration in American history...the highest emotion reduced to a few poetical phrases. Lincoln himself never even remotely approached it. It is genuinely stupendous. But let us not forget that it is poetry, not logic; beauty, not sense. Think of the argument in it. Put it into the cold words of everyday. The doctrine is simply this: that the Union soldiers who died at Gettysburg sacrificed their lives to the cause of self-determination ─ that government of the people by the people, for the people, should not perish from the earth. It is difficult to imagine anything more untrue. The Union solders in the battle actually fought against self-determination; it was the Confederates who fought for the right of their people to govern themselves.” H. L. Mencken ag trácht ar Óráid Gettysburg.
Dúirt Shelby Foote, úrscéalaí agus staraí iomráiteach ar an gCogadh Cathartha, an méid seo a leanas: “We don’t believe that government of and by and for the people would have perished from the earth if the South had won the war, although we are required to memorize those very words in school.”
Scríobh Thomas DiLorenzo, údar The Real Lincoln, an méid seo a leanas:
Lincoln argued that secession would “destroy” the government, but such an argument was simply foolish. ... It was equally absurd for Lincoln to argue that representative government would “perish from the earth” if the Southern states were allowed to secede peacefully. In the Gettysburg Address, Lincoln claimed that the war was being fought in defense of government by consent, but in fact exactly the opposite was true: the Federal government under Lincoln sought to deny Southerners the right of government by consent, for they certainly did not consent to remaining in the Union.
Foinsí Lincoln
cuir in eagarCuimheachán Óráid Lincoln, deartha ag Louis Henrick, ar a bhfuil dealbh bhrád Abraham Lincoln deartha ag Henry Kirke Brown, a cuireadh suas ar láthair Chatha Gettysburg sa bhliain 1912In Lincoln at Gettysburg, thug Garry Wills faoi deara go raibh cosúlachtaí idir óráid Lincoln agus an Óráid Sochraide a thug Pericles le linn Chogadh na Peilipinéise faoi mar atá léirithe ag Thucydides. (Léiríonn James McPherson an ceangal sin ina léirmheas ar leabhar Wills.). Thosaigh óráid Pericles, ar nós óráid Lincoln, le haitheantas do na sinsir a bhfuil urraim dóibh. “I shall begin with our ancestors: it is both just and proper that they should have the honour of the first mention on an occasion like the present”; ansin moladh an uathúlacht a bhain le tiomantas an Stáit don daonlathas: “If we look to the laws, they afford equal justice to all in their private differences”; tugadh onóir d’íobairt na marbh: “Thus choosing to die resisting, rather than to live submitting, they fled only from dishonour, but met danger face to face”; agus spreagadh an beo chun leanúint ar aghaidh leis an gcoimhlint: “You, their survivors, must determine to have as unfaltering a resolution in the field, though you may pray that it may have a happier issue.” I gcodarsnacht leis an tuairim sin, scríobh Adam Gopnik an méid seo a leanas in The New Yorker, ag léiriú go raibh Óráid Everett nuachlasaiceach, agus é ag tagairt go díreach do Marathon agus do Pericles, “Lincoln’s rhetoric is, instead, deliberately Biblical. (It is difficult to find a single obviously classical reference in all of his speeches.) Lincoln had mastered the sound of the King James Bible so completely that he could recast abstract issues of constitutional law in Biblical terms, making the proposition that Texas and New Hampshire should be forever bound by a single post office sound like something right out of Genesis.”
Chuir scoláirí Lincoln roinnt teoiricí chun cinn agus iad ag iarraidh foinse frása cáiliúil Lincoln a mhíniú “government of the people, by the people, for the people.” I ndíospóireacht, “A more probable origin of a famous Lincoln phrase” in The American Monthly Review of Reviews, thug Albert Shaw aitheantas do chomhfhreagraí as screaptra William Herndon a thabhairt chun solais. Comhghleacaí dlí Lincoln ba ea William Herndon agus scríobh sé i saothar na bliana 1888 Abraham Lincoln: The True Story of A Great Life gur thaispeáin sé roinnt seanmóirí de chuid Theodore Parker, an ministir i Massachusetts a bhí gníomhach sa ghluaiseacht i gcoinne na sclábhaíochta, do Lincoln agus go raibh Lincoln an-tógtha leis an úsáid a bhain Parker as an smaoineamh seo:
I brought with me additional sermons and lectures of Theodore Parker, who was warm in his commendation of Lincoln. One of these was a lecture on ‘The Effect of Slavery on the American People’...which I gave to Lincoln, who read and returned it. He liked especially the following expression, which he marked with a pencil, and which he in substance afterwards used in his Gettysburg Address: ‘Democracy is direct self-government, over all the people, for all the people, by all the people.’
Dúirt Craig R. Smith in “Criticism of Political Rhetoric and Disciplinary Integrity” go raibh dearcadh Lincoln ar an rialtas, mar a chuirtear in iúl é in Óráid Gettysburg, faoi thionchar óráid cháiliúil Daniel Webster, “Second Reply to Hayne”. Bhí Webster ina sheanadóir i Massachusetts ag an am; “Liberty and Union, now and forever, one and inseparable!” a bhúir sé go cáiliúil san óráid. Thug sé an óráid os comhair Sheanad na Stát Aontaithe an 26 Eanáir 1830 agus bhí an méid seo le rá aige go sonrach i dtaobh an Rialtais Fheidearálaigh: “made for the people, made by the people, and answerable to the people,” ráiteas a bhí cosúil le ráiteas cáiliúil Lincoln níos faide anonn: “government of the people, by the people, for the people.” Dúirt Webster freisin: “This government, Sir, is the independent offspring of the popular will. It is not the creature of State legislatures; nay, more, if the whole truth must be told, the people brought it into existence, established it, and have hitherto supported it, for the very purpose, amongst others, of imposing certain salutary restraints on State sovereignties.”
Thug Wills faoi deara an úsáid a bhain Lincoln as íomhá na breithe, na beatha agus an bháis i ndáil le náisiún a tugadh chun cinn nach mbeadh deireadh leis go deo (“brought forth”, “conceived”, “[not] perish”). Thug tráchtairí eile le tuiscint, Allen C. Guelzo, stiúrthóir Léann Ré an Chogaidh Chathartha i gColáiste Gettysburg in Pennyslvania, ina measc, gur tagairt í “four score and seven” Lincoln do Shailm 90:10 de leagan an Rí Séamas den Bhíobla ina ndeirtear go maireann an duine ar feadh trí scór bliain agus deich (“threescore years and ten”).
Cúig lámhscríbhinn
cuir in eagarTá téacs bunaidh a bhaineann leis an airteagal seo ag Wikisource: Óráid Gettysburg
Tá na cúig chóip lámhscríbhinne d'Óráid Gettysburg atá ar marthain ainmnithe as gach duine a fuair iad ó Lincoln. Thug Lincoln cóip an duine do John Nicolay agus do John Hay, a rúnaithe príobháideacha. Scríobhadh an dá dhréacht seo timpeall an ama a thug sé a óráid ar an naoú lá déag de mhí na Samhna; scríobh Lincoln na trí chóip eile den óráid, cóipeanna Everett, Bancroft agus Bliss, ar chúiseanna carthanachta, i bhfad níos déanaí ná an 19 Samhain. Úsáidtear Cóip Bliss i gcoitinne mar phríomhchóip Óráid Gettysburg Lincoln; cuid den chúis atá leis seo ná gur sholáthair Lincoln teideal leis an gcóip agus chuir sé a ainm agus an dáta léi.
Tá mearbhall agus conspóid de shórt éigin ag baint leis an dá dhréacht is luaithe den Óráid maidir le hiad a bheith ann agus cad as a dtáinig siad. Ceapadh Nicolay agus Hay ina gcoimeádaithe ar pháipéir Lincoln sa bhliain 1874 ag Robert Todd Lincoln, mac Lincoln. Léiríodh Cóip Nicolay i bhfoirm facsamhla in airteagal a scríobh John Nicolay in 1894 agus, ina dhiaidh sin, is cosúil go raibh an chóip seo i measc na bpáipéar a thug Helen, iníon Nicolay, do Hay tar éis bhás Nicolay sa bhliain 1901. Chuaigh Robert Lincoln sa tóir ar an gcóip bhunaidh sa bhliain 1908 agus, mar thoradh air sin, thángthas ar chóip lámhscríofa d’Óráid Gettysburg i measc páipéar faoi chumhdach John Hay – cóip ar a dtugtar “Hay Draft” sa lá atá inniu ann.
Bhí Dréacht Hay difriúil i roinnt bealaí suntasacha le leagan d’Óráid Gettysburg a d’fhoilsigh John Nicolay in 1894: scríobhadh é ar phaipéar difriúil, bhí an líon focal sa líne agus an líon línte difriúil ann agus bhí leasuithe eagarthóireachta scríofa ag Lincoln ann.
Tá cóip Hay agus cóip Nicolay araon i Leabharlann na Comhdhála, agus iad cásáilte i gcoimeádáin shéalaithe teochtrialaithe atá deartha go speisialta agus a bhfuil gás argóin iontu chun na doiciméid a chosaint ar ocsaídiú agus ar mheath leanúnach.
Cóip Nicolay
cuir in eagarIs minic a thugtar “an chéad dréacht” ar chóip Nicolay mar creidtear gurb é an dréacht is luaithe atá ann é. Níl scoláirí ar aon intinn arbh é cóip Nicolay an chóip léimh féin a bhí ag Lincoln in Gettysburg an 19 Samhain. In airteagal sa bhliain 1894, inar léiríodh facsamhail den chóip seo chomh maith, scríobh Nicolay, ar choimeádaí pháipéir Lincoln é, gur thug Lincoln an chéad chuid den Óráid leis agus í scríofa i ndúch ar pháipéarachas an Mhórthí Feidhmiúcháin; agus gur scríobh sé an dara leathanach le peann luaidhe ar pháipéar línithe roimh an tiomnú ar an naoú lá de mhí na Samhna. Tá fillteacha san áit chéanna ar an dá leathanach, rud a thugann le tuiscint gur féidir gurb í an chóip í a léigh Lincoln ag an searmanas mar dúirt finnéithe súl gur thóg Lincoln cóip as póca a chóta ag an searmanas. Creideann daoine eile gur cailleadh an chóip a bhí á léamh ag Lincoln don Óráid mar tá cuid d’fhocail agus de fhrásaí Chóip Nicolay difriúil le cóipeanna comhaimseartha trascríofa d’óráid bhunaidh Lincoln. Sa chóip seo mar shampla, tá na focail “under God” ar iarraidh ón bhfrása “that this nation (under God) shall have a new birth of freedom...” Má táthar chun glacadh gurb é dréacht Nicolay an chóip léimh, ní foláir glacadh gur neamhchruinn iad na cóipeanna comhaimseartha trascríofa nó nár chloí Lincoln lena théacs scríofa in áiteanna áirithe sa téacs. D’fhan an chóip seo d’Óráid Gettysburg i seilbh John Nicolay gur bhásaigh sé i 1901; ansin tugadh do John Hay í, cara agus comhghleacaí leis. Tá sé ar taispeáint bhuan mar chuid de thaispeántas American Treasures i Leabharlann na Comhdhála in Washington, D.C.
Cóip Hay
cuir in eagarCóip Hay le leasuithe lámhscríofa Lincoln Fógraíodh den chéad uair don phobal sa bhliain 1906 go raibh Cóip Hay ann tar éis teacht uirthi i measc pháipéar John Hay le linn cuardaigh a cuireadh ar bun chun lámhscríbhinn bhunaidh na hÓráide a aimsiú. Is suntasach an rud é gur mór an difear idir í agus lámhscríbhinn na hÓráide ar chuir John Hay síos uirthi ina airteagal, agus is iomaí easnamh agus mír bhreise scríofa ag Lincoln féin atá inti; ina measc siúd tá easnaimh inti atá ríthábhachtach do bhunbhrí na habairte – agus ní hamháin go bhfuil rudaí simplí fágtha ar lár, focail a chuirfeadh Lincoln le habairt chun an abairt a shoileiriú nó a threisiú.
Tugtar an leagan is domhínithe de na dréachtaí ar an leagan seo uaireanta agus glaoitear an dara dréacht air uaireanta.Rinneadh Cóip Hay an mhaidin a tugadh an Óráid nó go gairid i ndiaidh do Lincoln filleadh ar Washington. Iad siúd a chreideann gur críochnaíodh í maidin na hÓráide, léiríonn siad go bhfuil frásaí áirithe inti nach bhfuil sa chéad dréacht ach atá sna cuntais ar an óráid mar a thug Lincoln í agus atá i gcóipeanna a rinne Lincoln ina dhiaidh sin. Is cosúil mar sin, dar leo, go raibh an dara dréacht seo ag Lincoln agus an óráid á tabhairt aige, mar atá ráite sa nóta mínitheach a ghabhann le cóipeanna bunaidh an chéad dréachta agus an dara dréachta i Leabharlann na Comhdhála. Ar deireadh, thug Lincoln an chóip seo do John Hay, a rúnaí pearsanta eile agus bhronn a shliocht siúd an chóip seo agus cóip Nicolay ar Leabharlann na Comhdhála i 1916.
Cóip Everett
cuir in eagarChuir an tUachtarán Lincoln Cóip Everett, ar a dtugtar Cóip Evertett-Keyes chomh maith, chuig Edward Everett ag tús na bliana 1864 ar iarratas Everett. Bhí óráidí shearmanas tiomnaithe Gettysburg á mbailiú ag Everett in aon imleabhar faoi chumhdach amháin agus bhí sé chun é seo a dhíol ag Aonach Choimisiún na Sláintíochta i Nua-EabhracNua Eabhrac ar mhaithe le saighdiúirí a raibh drochbhail orthu. Is é an dréacht a sheol Lincoln an tríú cóip shínithe atá ann agus is i seilbh Leabharlann Staire Stát Illinois in Springfield, Illinois atá sé, áit a bhfuil sé ar taispeáint faoi láthair in Treasures Gallery i Leabharlann agus Músaem Uachtaránachta Abraham Lincoln.
Cóip Bancroft
cuir in eagarScríobh an tUachtarán Lincoln Cóip Bancroft d’Óráid Gettysburg amach i mí Feabhra 1864 ar iarratas George Bancroft, staraí mór le rá agus Iar-Rúnaí an Chabhlaigh; athair Stair Mheiriceá a tugadh ar Bancroft níos déanaí mar thoradh ar a leabhar History of the United States a chuimsigh deich n-imleabhar. Bhí sé ar intinn ag Bancroft an chóip seo a chur in Autograph Leaves of Our Country’s Authors a bhí de rún aige a dhíol ag Aonach Sláintíochta in Baltimore ar son saighdiúirí agus mairnéalach. Ó tharla gur scríobhadh ar dhá thaobh leathanaigh na cóipe seo, níorbh fhéidir í a úsáid don chuspóir seo agus ligeadh do Bancroft í a choimeád. Is í an lámhscríbhinn seo an t-aon lámhscríbhinn amháin lena ngabhann litir ó Lincoln ag cur na lámhscríbhinne ar aghaidh agus an clúdach bunaidh ar ar chuir Lincoln an seoladh agus a d’fhrainceáil sé. D’fhan an chóip seo i seilbh theaghlach Bancroft ar feadh go leor blianta. Díoladh í le díoltóirí éagsúla agus cheannaigh Nicholas agus Marguerite Lilly Noyes í; bhronn siadsan an lámhscríbhinn ar Cornell i 1949. I láthair na huaire, tá sé i Rannóg na mBailiúchán Tearc agus Lámhscríbhinní i Leabharlann Carl A. Kroch in Ollscoil Cornell. Is í an t-aon chóip amháin i measc na gcúig chóip ar le húinéir príobháideach í.
Cóip Bliss
cuir in eagarNuair a fuair Lincoln amach nárbh fhéidir a cheathrú cóip scríofa a úsáid, scríobh sé dréacht eile agus glacadh leis an gcúigiú cóip seo don chuspóir a bhí ag teastáil. Is í Cóip Bliss, ainmnithe as Coirnéal Alexander Bliss, leasmhac Bancroft agus foilsitheoir Autograph Leaves, an t-aon dréacht amháin atá sínithe ag Lincoln. Ní fios an ndearna Lincoln aon chóipeanna eile d’Óráid Gettysburg. Toisc gur tugadh aire agus í á scríobh de réir cosúlachta, agus toisc gur scríobh Lincoln teideal agus dáta ar an gcóip seo, féachtar ar an gcóip mar phríomhchóip na hóráide agus is í an chóip is mó a úsáidear chun cóipeanna facsamhla d’Óráid Gettysburg Lincoln a dhéanamh.
Tá an dréacht seo ar crochadh anois i seomra Lincoln sa Teach Bán; Oscar B. Cintas, Iar-Ambasadóir Chúba chun na Stát Aontaithe a bhronn í. Cheannaigh Cintas, ar bhailitheoir saibhir ealaíne agus lámhscríbhinní é, Cóip Bliss ag ceant poiblí i 1949 ar $54,000; an tráth sin ba é seo an praghas ab airde a íocadh riamh as doiciméad a díoladh i gceant poiblí. Ghlac rialtas Castro seilbh ar réadmhaoin Cintas i ndiaidh Réabhlóid Chúba i 1959, ach d’uachtaigh Cintas, a fuair bás i 1957, Óráid Gettysburg do mhuintir Mheiriceá ar choinníoll go gcoimeádfaí í sa Teach Bán agus aistríodh go dtí an Teach Bán í sa bhliain 1959.
Dhearbhaigh Gary Wills gurbh í Cóip Bliss an rogha ab fhearr ó thaobh stíle de ar bhealach suntasach amháin: Bhain Lincoln an focal ‘here’ den fhrása ‘that cause for which they (here) gave..’ Tá an seachtú ‘here’ i ngach leagan eile den óráid, a dúirt Wills. Thug Wills faoi deara go raibh Lincoln fós ag cur leasuithe mar sin i bhfeidhm chun an óráid a fheabhsú agus thug sin le tuiscint gur mó a bhí Lincoln ag iarraidh téacs feabhsaithe a chur ar fáil seachas cóip dhílis den chóip bhunaidh a sholáthar.
Foinsí comhaimseartha agus freagairt
cuir in eagarFoinse comhaimseartha eile don téacs is ea seoladh Associated Press, a athscríobhadh ó nótaí gearrscríofa de chuid an iriseora Joseph L. Gilbert. Tá sé difriúil chomh maith leis an téacs dréachta ar mhionbhealaí éagsúla.
Bhí cuimhní cinn éagsúla ag finnéithe súl ar óráid Lincoln. Sa bhliain 1931, tugann cuntas scríofa Sarah A. Cooke Myers, a raibh 87 bliain slánaithe aici agus a bhí i láthair ag an óráid nuair a bhí sí 19 mbliana d’aois, le tuiscint go raibh ciúnas díniteach ann nuair a chríochnaigh Lincoln an óráid. Dúirt sí go raibh sí gar don Uachtarán agus gur chuala sí an Óráid go léir ach gur bhraith sí an óráid a bheith gearr go leor. Bhí ciúnas mórthaibhseach ag deireadh na hóráide, dar léi, “like our Menallen Friends Meeting.” Dúirt sí nach raibh bualadh bos ann nuair a stop sé a bheith ag caint. De réir an staraí Shelby Foote, i ndiaidh óráid Lincoln, bhí bualadh bos moillithe, scaipthe ann a bhí ómósach ar éigean. I gcodarsnacht leis sin, d’áitigh Andrew Gregg Curtin, Gobharnóir Pennsylvania, gur thug Lincoln an óráid i nglóir a bhí le cloisteáil ag an mórshlua a bhí i láthair. “The crowd was hushed into silence because the President stood before them...It was so Impressive! It was the common remark of everybody. Such a speech, as they said it was!”
Dar le finscéal a chloistear go minic, dúradh go ndúirt Lincoln le Ward Hill Lamon, a gharda cosanta “[my speech like a bad plow] wont scour.” Níl fianaise ar bith go ndúirt Lincoln sin, áfach, dar le Garry Wills; cuimhneamh neamhiontaofa Lamon is cúis leis an eolas seo den chuid is mó. Dar le Garry Wills, rinne Lincoln a raibh sé ag iarraidh a dhéanamh in Gettysburg.
I litir a scríobh sé chuig Lincoln an lá dár gcionn, mhol Everett an tUachtarán as a óráid dheaslabhartha bheacht. Scríobh sé: “I should be glad if I could flatter myself that I came as near to the central idea of the occasion, in two hours, as you did in two minutes.” Bhí áthas ar Lincoln a chloisteáil nár theip go hiomlán ar an óráid.
Bhí freagairt phoiblí eile ar óráid Lincoln claonta. An lá ina dhiaidh, scríobhadh sa Chicago Times, páipéar a bhí claonta i dtreo na nDaonlathaithe: “The cheek of every American must tingle with shame as he reads the silly, flat and dishwatery utterances of the man who has to be pointed out to intelligent foreigners as the President of the United States.” I gcodarsnacht leis sin, mhol The New York Times, a bhí claonta chun na bPoblachtach, an óráid. Rinneadh an óráid iomlán a chur i gcló i bpáipéar in Massachusetts agus scríobhadh sa pháipéar go raibh an óráid “deep in feeling, compact in thought and expression, and tasteful and elegant in every word and comma.”
Clos-chuimhní
cuir in eagarCeaptar gurb é William R. Rathvon, a bhí ar an láthair nuair a tháinig Lincoln go Gettysburg agus nuair a thug sé an Óráid, an t-aon duine amháin a d’fhág clostaifead dá chuid cuimhní ina dhiaidh. Bliain roimh a bhás i 1939, taifeadadh cuimhní cinn Rathvon an 12 Feabhra 1938 i stiúideonna stáisiún raidió WRUL i mBoston; is cuid den taifead é Rathvon ag léamh na hÓráide féin. Rinneadh ceirnín 78 rpm den taifead. “I Heard Lincoln That Day - William R. Rathvon, TR Productions” ba theideal don cheirnín 78. Thángthas ar chóip de ag National Public Radio (NPR) le linn thionscadal “Request for Sound” i 1999. Seinneann NPR na cuimhní cinn seo ar an aer timpeall an ama a mbíonn breithlá Lincoln á cheiliúradh.
Grianghraif
cuir in eagarThángthas ar an aon ghriangraf aitheanta deimhnithe a tógadh de Lincoln ag Gettysburg i mbailiúchán plátaí fotagrafaíochta Mathew Brady sa Chartlann Náisiúnta agus Riaradh Taifead i 1952. Ba é an grianghrafadóir David Bachrach a thóg an grianghraf. Cé nár thug Lincoln ach óráid ghearr agus go mb’fhéidir nárbh fhéidir mórán grianghraf a thógáil de agus é i mbun cainte dá bharr, bhí seisean agus daoine eile mór le rá ina suí ar feadh i bhfad le linn na coda eile den chlár. Má chuirtear san áireamh a fhad a bhí óráid Everett agus an méid ama a theastaigh ó ghrianghrafadóirí an 19ú haois chun bheith ullamh le grianghraf a dhéanamh, níorbh aon ionadh é nach raibh na grianghrafadóirí ullmhaithe do ghiorracht óráid Lincoln.
Sa bhliain 2006, tugadh creidiúint do John Richter, ar spéis leis an gCogadh Cathartha, as dhá ghrianghraf bhreise i mBailiúchán Leabharlann na Comhdhála a aithint mar ghrianghraif thábhachtacha; tá seans ann go léiríonn siad Uachtarán Lincoln sa mhórshiúl in Gettysburg.
Úsáid na bhfocal “under God”
cuir in eagarNíl na focail “under God” in úsáid i ndréachtaí Nicolay agus Hay ach tá siad sna cóipeanna a scríobhadh níos déanaí (cóipeanna Everett, Bancroft agus Bliss). Dá bharr sin, áitíonn daoine amhrasacha áirithe nach ndúirt Lincoln na focail “under God” ag Gettysburg. Mar sin féin, chuir trí iriseoir ar a laghad téacs óráid Lincoln ar aghaidh trí theileagraf an lá a tugadh an óráid agus bhí na focail “under God” san áireamh.
Tá an frása ‘that the nation shall, under God, have a new birth of freedom.’ i ngach tuairisc ghearrscríofa faoin spéir. Níorbh fhéidir leis na hiriseoirí go léir na focail sin a fháil as aon chomhfhoinse seachas ó bhéal Lincoln féin agus an óráid á tabhairt aige. Ní leor a rá gur sholáthair Stanton na focail sin i ndiaidh do Lincoln filleadh ar Washington mar chuir trí iriseoir ar a laghad na focail ar aghaidh trí theileagraf an tráthnóna a tugadh an óráid.
Ar na hiriseoirí a bhí i láthair bhí Joseph Gilbert ó The Associated Press; Charles Hale ó The Boston Advertiser; John R. Young (Leabharlannaí Leabharlann na Comhdhála ina dhiaidh sin) ó The Philadelphia Press; agus iriseoirí ó The Cincinnati Commercial, ó The New York Tribune agus ó The New York Times. Bhí a leabhar nótaí agus a pheann luaidhe ina láimh ag Charles Hale agus bhreac sé síos na focail a dúirt Lincoln agus bhí na focail seo á labhairt go mall ag Lincoln. Dhearbhaigh sé gur bhreac sé síos teanga óráid Lincoln go cruinn beacht agus dúradh gurbh fhéidir glacadh lena dhearbhú mar a ghlacfaí le dearbhú gearrscríobhaí cúirte. Dhearbhaigh a chomhpháirtithe go raibh an ceart ag Hale agus dúradh gur glacadh go glan lena thuairisc ag an am. Is é an míniú is loighciúla ná gur imigh Lincoln óna théacs ullmhaithe agus gur chuir sé an frása leis an óráid agus é ag labhairt.
Achoimre Carl Sandburg
cuir in eagarI bhfocail Carl Sandburg, file agus beathaisnéisí Lincoln:
He has stood that day, the world’s foremost spokesman of popular government, saying that democracy was yet worth fighting for. He had spoken as one in mist who might head on deeper yet into the mist. He incarnated the assurances and pretenses of popular government, implied that it could and might perish from the earth. What he meant by “a new birth of freedom” for the nation could have a thousand interpretations. The taller riddles of democracy stood up out of the address. It had the dream touch of vast and furious events epitomized for any foreteller to read what was to come. He did not assume that the drafted soldiers, substitutes, and bounty-paid privates had died willingly under Lee’s shot and shell, in deliberate consecration of themselves to the Union cause. His cadences sang the ancient song that where there is freedom men have fought and sacrificed for it, and that freedom is worth men’s dying for. For the first time since he became President he had on a dramatic occasion declaimed, howsoever it might be read, Jefferson's proposition which had been a slogan of the Revolutionary War - “All men are created equal” - leaving no inference other than that he regarded the Negro slave as a man. His outwardly smooth sentences were inside of them gnarled and tough with the enigmas of the American experiment.
Oidhreacht
cuir in eagarTá focail Óráid Gettysburg le feiceáil rionnta ar an mballa theas taobh istigh de Chuimhneachán Lincoln a dhear Henry Bacon agus a rinne Daniel Chester French agus Jules Guerin a dhealbhú agus a phéinteáil faoi seach. Léiríonn cáil Óráid Gettysburg mar chuid de chultúr na Stát Aontaithe an tábhacht a bhaineann léi i stair na tíre. Tá áit lárnach ag Óráid Gettysburg laistigh de Chuimhneachán Lincoln in Washington D.C.; tá an óráid rionnta ar bhalla theas an Chuimheacháin. Chomh maith leis sin, is minic a thagraítear don Óráid i saothair a bhaineann le cultúr an lae agus déantar talamh slán de go mbeidh focail Lincoln ar eolas ag muintir na linne seo.
Is iomaí glúin atá imithe thart ó tugadh an Óráid agus, fós, tá sé ar cheann de na hóráidí is mó le rá i stair Mheiriceá. Tagraítear d’Óráid Lincoln féin in óráid chailiúil eile, óráid “I have a dream” de chuid Martin Luther King, Jr. Agus é ina sheasamh ar chéimeanna Chuimhneachán Lincoln i mí Lúnasa 1963, thosaigh King le tagairt don Uachtarán Lincoln agus dá fhocail chailiúla: “Five score years ago, a great American, in whose symbolic shadow we stand today, signed the Emancipation Proclamation. This momentous decree came as a great beacon light of hope to millions of Negro slaves who had been seared in the flames of withering injustice.”
Tá sé scríofa i mBunreacht na Fraince (an Cúigiú Poblacht atá sa tír faoi láthair agus a bunaíodh sa bhliain 1958) gurb é prionsabal Phoblacht na Fraince ná “gouvernement du peuple, par le peuple et pour le peuple” (“government of the people, by the people, and for the people”), aistriúchán liteartha ar fhocail Lincoln.