Meaisín simplí is ea an maignéató[1][2] a ghineann sruth ailtéarnach leictreach, ar an bprionsabal go ngintear sruth nuair a ghluaiseann seoltóir trí réimse maighnéadach. I gcineál amháin, rothlaítear corna sreinge tanaí idir poil maighnéid U-chruthaigh (adhmaint). Úsáidtear é le hinnill dócháin inmheánaigh chun na spréachbhearnaí a fhuinnmhiú. Bíonn cineálacha eile ann a thugann fuinneamh do shoilse rothar.[3]

Maignéató ón mbliain 1925 a bheag nó a mhór


  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): maignéató” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-02-05.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “magneto — Aistriúchán Gaeilge ar magneto (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-02-05.
  3. Hussey, Matt (2011). "Maighnéató (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.