I bhfisic na gcáithníní, uimhir chandamach inmheánach (a dtugtar blas uirthi) a imchoimeádtar in idirghníomhuithe láidre is leictreamaighnéadacha sa núicléas ach nach n-imchoimeádtar in idirghníomhuithe laga. Úsáidtear an tsiombail S di. Tugadh isteach sna 1930idí í chun imoibrithe aduaine a mhíniú i dturgnaimh le gathanna cosmacha. Is cuairc aduaine iad siúd a bhfuil aduaine S = -1 acu. Bíonn ar a laghad cuarc aduain amháin ag gach cáithnín aduain. Is é briocht a mhalairt blais.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aduaine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.