Aerfort Chorcaí
Aerfort idirnáisiúnta Éireannach is ea Aerfort Chorcaí (IATA: ORK, ICAO: EICK). Osclaíodh an t-aerfort ar an 16 Deireadh Fómhair 1961. Sa bhliain 2010, bhain 2.4 milliún duine úsáid as an aerfort,[1] agus 2.2 milliún in 2022.[2]
Aerfort Chorcaí | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||
Ainmnithe in ómós | Corcaigh | ||||||||||||||||||||||
Sonraí | |||||||||||||||||||||||
Cineál | Aerfort idirnáisiúnta, aerfort agus aeradróm tráchta tráchtála | ||||||||||||||||||||||
Foirgníocht | 1961 | ||||||||||||||||||||||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 16 Deireadh Fómhair 1961 | ||||||||||||||||||||||
Áit ar a bhfreastalaíonn an mol iompair | Corcaigh | ||||||||||||||||||||||
Tréith | |||||||||||||||||||||||
Staid úsáide | in úsáid | ||||||||||||||||||||||
Airde os cionn na farraige | 502 ft | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Suíomh geografach | |||||||||||||||||||||||
Limistéar riaracháin | Baile Féitheán, Éire | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||
Úinéir | Rialtais na hÉireann | ||||||||||||||||||||||
Oibreoir | Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||
Cuairteoirí | 2,387,806 (2018) | ||||||||||||||||||||||
ID GeoNames | 6296696 | ||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | corkairport.com | ||||||||||||||||||||||
Suíomh
cuir in eagarTá an t-aerfort suite ocht gciliméadar ó lár Chathair Chorcaí, agus cóngarach do shuíomh na haerpháirce a bhí ann roimhe sin, ar a dtugtaí Farmer's Cross.[3]
Rinne réamh-bhreathnadóireachtaí meitéareolaíochta ag an suíomh seo i 1946-47[4]. Tá an suíomh tugtha do cheo. Tarlaíonn seo siocair a shuímh gar don chósta theas agus a airde os cionn leibhéal na farraige.
Stair
cuir in eagarD’oscail an t-aerfort i mí Dheireadh Fómhair 1961.
Meitéareolaíocht
cuir in eagarAr dtús, ní dhearna breathnadóireacht ach amháin ar iarratas. Ansin, chóir dheireadh 1961 rinneadh iad ar bhonn 24 uair agus mar sin bhí an stáisiún mar pháirt de líonra sionoptach na Seirbhíse Meitéareolaíochta.
Osclaíodh rannóg réamhaisnéise do chuspóirí eitlíochta sa bhliain 1966 agus de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar réamhaisnéisí ginearálta, cuireadh isteach seirbhís uathoibríoch aimsire teileafóin. Dhún an rannóg réamhaisnéise eitlíochta sa bhliain 1988, agus ghlac an Lároifig Eitlíochta ag Aerfort na Sionainne freagracht as na réamhaisnéisí.
Gnó
cuir in eagarTá an geilleagar réigiúnach ag brath go mór ar eitiltí ó Aerfort Chorcaí. Ach níl ag éirí go maith le hAerfort Chorcaí cheana féin. Tháinig milliún níos lú daoine tríd an aerfort seo sa bhliain 2016 ná mar a tháinig in 2008.[5] Sna blianta 2010 agus 2022, bhain 2.2-2.4 milliún duine úsáid as an aerfort. Ach mhéadaigh Aerfort Bhaile Átha Cliath líon na bpaisinéirí faoi dhó beagnach idir 2009-2022.
Faoi láthair, is ag taisteal go Heathrow nó ar ais a bhíonn aon trian de phaisinéirí Aerfort Chorcaí - sin sé mhíle duine gach seachtain
Cinn scríbe
cuir in eagarAerlínte | Ceannphointí |
---|---|
Aer Lingus | Amstardam, an Bhruiséil, Lanzarote, Londain-Gatwick, Londain-Heathrow, Málaga, München, Páras-Charles de Gaulle
Séasúrach: Alicante, Barcelona, Faro, an Ghinéiv, Gran Canaria, Liospóin, Nice, Palma de Mallorca, an Róimh-Fiumicino, Salzburg, Tenerife-Deisceart |
Aer Lingus Regional á oibriú ag Aer Arann | Birmingham, Briostó, Dún Éideann, Glaschú-Idirnáisiúnta, Manchain |
Jet2.com | an Caisleán Nua |
OLT Express | Bydgoszcz [ag tosú 30ú Deireadh Fómhair] |
Ryanair | Fuerteventura, Lanzarote, an Lár-Réigiún Thoir [ag atosú 1d Meán Fómhair], Learpholl, Londain-Gatwick, Londain-Stansted, Málaga, Tenerife-Deisceart
Séasúrach: Alicante, Bordeaux, Carcassone, Faro, Girona, Gran Canaria, La Rochelle, Milano-Bergamo, Palma de Mallorca, Pisa, Reus |
Thomson Airways | Séasúrach: Lanzarote |
Wizz Air | Gdańsk, Katowice, Poznań, Vársá-Chopin [ag críochnú 16ú Iúil], Vársá-Modlin [ag tosú 20ú Iúil], Vilnias, Wrocław |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Aerfort Chorcaí - "Facts and Figures"
- ↑ "Cork Airport Welcomed 2.24 Million Passengers In 2022 And Is On Track For Very Strong Recovery In 2023". www.corkairport.com. Dáta rochtana: 2023-10-16.
- ↑ "Farmer's Cross" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-10-16.
- ↑ "met.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-08. Dáta rochtana: 2016-10-16.
- ↑ Vifax maynoothuniversity.ie/ (7 Eanáir 2015). "Cinniúint Aer Lingus". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Iúil 2024. Dáta rochtana: 16 DF 2023.