Dúnmharú George Floyd

(Athsheolta ó Agóidí George Floyd)


Tharla dúnmharú George Floyd, fear ón gcine gorm, i Minneapolis ar 25 Bealtaine 2002, tar éis do na póilíní é a ghabháil.[1] Sáinníodh Floyd ar an talamh agus choinnigh póilín, Derek Chauvin a ghlúin ar a mhuineál nó go bhfuair sé bás tar éis breis is naoi nóiméad.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú George Floyd
Íomhá
Múrphictiúr ag léiriú portráid George Floyd i Mauerpark, Beirlín
Map
 44°56′04″N 93°15′45″W / 44.93433°N 93.26244°W / 44.93433; -93.26244
Cineáldúnmharú
Brúidiúlacht na bpóilíní sna Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Bealtaine 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPowderhorn, Minnesota Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisbrúidiúlacht na bpóilíní Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisagóidí George Floyd
cás in aghaidh Derek Chauvin 2020
Eulogy of Al Sharpton at the George Floyd Funeral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachGeorge Floyd íospartach dúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireDerek Chauvin (garda, dúnmharfóir) Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#GeorgeFloyd, #Icantbreathe agus #Sayhisname Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí slua ann ag breathnú ar an eachtra nuair a tachtadh Floyd. Rinneadh scannánú ar an eachtra. Ghlac Darnella Frazier, bean óg (17 bliain ag an am), an físeán den dúnmharú.[2]

Cor cinniúnach ba ea an cás Floyd i stair Mheiriceá maidir le freagracht na bpóilíní.[3] Bhí cosúlachtaí idir cás George Floyd agus ionsaithe ciníocha eile, mar shampla cás Amadou Diallo, Sean Bell agus go leor eile.[4]

agóid
graifítí, Hennepin County Government Center in Minneapolis, 2021

Agóidí cuir in eagar

Tharla agóidí mar gheall ar chás George Floyd sna laethanta ina dhiaidh, taobh amuigh den Teach Bán i Washington DC, chomh maith le Nua-Eabhrac, Bostún, Chicago, Portland, Oregon, Atlanta, Los Angeles agus go leor cathracha eile ar fud na tíre[5].

I dtvuít ar an 29 Bealtaine[6], dúirt an tUachtarán Donald Trump go bhféadfadh sé an Garda Náisiúnta a chur go Minneapolis agus go bhféadfaidís daoine a bhí i mbun creachadóireachta a chaitheamh.[7] Bhí sé tugtha le fios ag Twitter ag an am gur sháraigh an tvuít a gcuid rialacha ar an mbonn gur ag cothú foréigin a bhí sé.

Bhí comhaltaí de Gharda Náisiúnta Mheiriceá curtha ar dualgas i Minneapolis ar 29 Bealtaine.

 
Cuimhneachán i Minneapolis
 
agóid i Hennepin County Government Center, Minneapolis, 2021

Cáin cuir in eagar

 
cúisiú Derek Chauvin

Bhí Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, cáinte. Iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, James Mattis a rinne an cáineadh is mó, ag rá nach bhfuil tada ón Uachtarán Trump, ach an pobal ansin a scoilteadh.[8] Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go raibh easpa mór i gceannasaíocht mhorálta sna Stáit Aontaithe i bhfianaise an bhealaigh ar bhásaigh George Floyd.

Imeachtaí dlí cuir in eagar

Ar dtús, bhí dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain den dara grád, de réir dlí Mheiriceá, curtha i leith oifigeach as bás Floyd, Derek Chauvin, póilín den chine geal agus 44 bliain ag an am.. Ansin ar 3ú Meitheamh, tháinig méadú cuí ar na cúisimh i leith Chauvin. le cúisiú i ndúnmharú den dara grád.[9]

Mhair an triail sa bhliain 2021 trí seachtaine agus thug 45 duine fianaise, an scamhógeolaí de bhunadh na hÉireann Martin Tobin ina measc.

 
graifítí

Ar an 20 Aibreán 2021, chiontaigh giúiré Chauvin, sa trí chúis a bhí curtha ina leith, mar atá, dúnmharú den dara grád, dúnmharú den tríú grád agus dúnorgain.[10]

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden gur "céim ollmhór chun cinn i dtreo na córa" sa tír ba ea ciontú Chauvin, dúnmharú "a tharla os comhair an tsaoil a bhí ann agus gur bhain sé na dallóga de dhaoine ar fud an domhain." Smál ar anam an náisiúin atá sa chiníochas córasach, a dúirt sé.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2020-05-29). "Garda Náisiúnta Mheiriceá ar dualgas i Minneapolis" (as ga). 
  2. Holly Yan CNN. "A teen with 'a cell phone and sheer guts' is credited for Derek Chauvin's murder conviction". CNN. Dáta rochtana: 2021-04-26.
  3. "Derek Chauvin ciontaithe i ndúnmharú George Floyd" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-26.
  4. "Póilíní Mheiriceá - brúidiúil nó réadúil?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-05-30.
  5. Nuacht RTÉ (2020-06-01). "Cuirfiú sáraithe arís aréir ag léirsitheoirí i Meiriceá" (as ga). 
  6. Donald Trump (29 Bealtaine 2020). "https://twitter.com/realdonaldtrump/status/1266231100172615680" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-06-02.
  7. Donald Trump (scriosadh an giolc "looting then shooting", is cosúil, ach seo ceann eile) (29 Bealtaine 2020). "https://twitter.com/realdonaldtrump/status/1266434153932894208" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2020-06-02.
  8. Nuacht RTÉ (2020-06-04). "Taoiseach cáinteach faoi cheannasaíocht i SAM i bhfianaise Floyd" (as ga). 
  9. RnaG ar RTÉ Radio Player (21 Aibreán 2021). "Tús Áite: Ciontú Chauvin". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-04-26.
  10. Nuacht RTÉ (2021-04-21). ""Céim mhór chun cinn i dtreo na córa is ea ciontú Derek Chauvin"" (as en).