Feithid bogcholainne is ea an aifid[1] (Aphidoidea) a itheann súlach plandaí. Timthriall casta beatha aici. De réir cineáil, bíonn cuid mhaith glún a atáirgeann go neamhghnéasach ina mbeireann na baineannaigh feithidí beo, agus glúin amháin in aghaidh na bliana a atáirgeann go gnéasach. Táirgeann cuid mhaith speiceas céir mar chumhdach cosanta. Táirgeann cuid eile acu drúcht meala, agus tugann seangáin aire dóibh. Tá timpeall 4,000 speiceas ar eolas, an chuid is mó díobh sa leathsféar thuaidh. Ina measc tá lotnaidí suntasacha (mar shampla, an chuileog ghlas is an chuil dhubh).[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAifid
Aphidoidea Cuir in eagar ar Wikidata

Acyrthosiphon pisum Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdHemiptera
ForfhineAphidoidea Cuir in eagar ar Wikidata
Latreille, 1802

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): aifid” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-01.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aifid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 14.