Ailtireacht a shaothraigh cathairstáit na Gréige sna tréimhsí Ársa is Clasaiceacha (8ú-4ú céad RC) agus a d'fhorbair na ríochtaí Heilléanacha (4ú-2ú céad RC). Sainítear í le húsáid cloiche nó marmair i dtógáil poist is lindéir a rinne aithris ar phrionsabail is foirmeacha na bhfoirgneamh adhmaid a bhíodh ann roimhe sin. Is iad seo na bunghnéithe: an colún, an taibhléadan is an díon claonta, le mionsonraí feabhsaithe thar na blianta go raibh aontacht dhána shimplí sa dearadh. Baineadh úsáid as maisiúchán chun cur leis an dearadh, ach ní chun an dearadh a cheilt. Threoraítí an dearadh de réir ord amháin den 3 ord ailtireachta, Dórach, Iónach, nó Corainteach (ní raibh an t-ord Tuscánach ná an t-ord cumaisc ag na Gréagaigh). Ba í an Partanón san Aithin (447-438 RC) an buaicphointe. Tionchar thar na bearta aici ar chuid mhór d'ailtireacht an iarthair síos go dtí an lá inniu.[1]

An Partanón san Aithin sa lá inniu

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Gréige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.