Roimh an 16ú céad, ba iad na teampaill pluaise is stúpaí Búdacha na foirgnimh ab ársa dá raibh san India. Níos déanaí tháinig na teampaill Hiondúcha le dealbhóireacht ghreanta mar mhaisiúchán, agus iad sin roinnte i 3 shaghas geografach: tuaisceartach, Cailiúcach is Dráivideach. Le teacht i réim ríshliocht na Mógal i 1526, thosaigh tógáil na séadchomharthaí móra Ioslamacha, ina measc an chathair mhionchruinn shaibhir Fatehpur Sikri (1568-1575). Le gabháil na hIndia ag impireacht na Breataine, tugadh foirmeacha ailtireachta ón iarthar isteach, agus sampla éalárnach aisteach de seo is ea clasaiceas Edwin Lutyens i ndearadh is leagan amach Dheilí Nua (1913-1931). Foirgnimh shonracha ón 20ú céad iad siúd a dhear Le Corbusier sa phríomhchathair réigiúnda Chandigarh a tógadh sna 1950idí. Ailtireacht nua-aoiseach níos bunúsaí oiriúnaí do chúinsí na hIndia, b'fhéidir, atá á cur i bhfeidhm anois ag ailtirí dúchasacha mar Charles Correa.[1]

Teampall Khajuraho

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na hIndia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.