Amharc boinn ghoirm

Bealach chun íomhánna a chuingriú i gcineamatagrafaíocht is teilifís trí chodanna den ghníomhú sa réamhionad a ghlacadh os comhair boinn ghil ghoirm, agus ansin forshuite ar an amharc cúlionaid a taifeadadh le ceamara eile. I bpictiúir reatha is gá dearbhchlóbhualadh casta a dhéanamh sa tsaotharlann, ach sa teilifís is féidir é a dhéanamh go leictreonach leanúnach. Leis an teicníocht seo is féidir raon leathan iomrall a bhaint amach: mar shampla, an dealramh a chur ar an scéal go bhfuil aisteoirí, atá le fírinne sa stiúideo, ar láthair andúchasach ar an taobh eile den Domhan, ar an nGealach, nó ag eitilt tríd an aer.

Amharc boinn ghoirm