An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv
Ba bhinse idirnáisiúnta um ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive é An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv (BCII nó i mBéarla ICTY).[1][2] Bunaíodh an BCII chun freagairt d'imthosca áirithe na hIar-Iúgslaive mar bheart 'ad hoc' chun cur le hathchóiriú agus cothú na síochána.[3]
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | МТБЮ | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | binse ad-hoc cúirt idirnáisiúnta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga oifigiúil | Béarla | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 25 Bealtaine 1993 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 31 Nollaig 2017 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
25 Bealtaine 1993 | United Nations Security Council Resolution 827 (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | 28 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uachtaránacht | Theodor Meron | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuid de | na Cogaí Iúgslavacha | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | http://www.icty.org/ | |||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Dúnadh an BCII ar 31 Nollaig 2017.
Stair
cuir in eagarSa bhliain 1993, bhunaigh Rún 827 de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv (BCII) mar fhreagra ar shárú tromchúiseach ar an dlí daonnachta idirnáisiúnta a rinneadh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991, agus an bhagairt ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta a bhain leo.
Bhí an t-údarás ag an BCII ceithre catagóirí cionta a ionchúiseamh, a rinneadh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991:
- sárú tromchúiseach ar Choinbhinsiúin na Ginéive 1951,
- sárú ar dhlíthe nó custaim chogaidh,
- cinedhíothú agus
- coireanna in aghaidh na daonnachta.
D’fhreastail dlíodóir Éireannach, Maureen Harding Clark, mar bhreitheamh "ad litem' ar an mBinse Fiosrúcháin.
Dúnadh an BCII ar 31 Nollaig 2017. Chinn Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le réiteach 1966 (2010) a glacadh an 22 Nollaig 2010, BCII a athsholáthair le Meicníocht Iarmharach a thógfaidh ceannas ar roinnt feidhmeanna den ICTY; Meicníocht na Náisiún Aontaithe do na Binsí Coiriúla Idirnáisiúnta (MICT i mBéarla) ainm na meicníochta. Bhí roinnt d’fheidhmeanna an Bhinse Coiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda tógtha ar lámh acu cheana féin.
Féach freisin
cuir in eagar- Sléacht Srebrenica
- Ratko Mladic
- Zdravko Tolimir
- Radovan Karadžić
- Slobodan Milošević
- Ciontuithe
- Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe (1951)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ International Criminal Tribunal for the former Yugoslavia
- ↑ "'an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv' — Téarmaíocht / Téarmaíocht IATE". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2020-07-12.
- ↑ DFA. "An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta um an Iar-Iúgslaiv". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-17. Dáta rochtana: 2020.