Radovan Karadžić

iarpholaiteoir, file, agus síciatraí Seirbiach

Iar-pholaiteoir, file agus síciatraí Serbiach is ea Radovan Karadžić (Seirbis Choireallach: Радован Караџић), a rugadh sa bhliain 1945. Tugadh 'búistéir na Boisnia' air. Ciontaíodh i gcinedhíothú é sa bhliain 2016 sa Háig.

Infotaula de personaRadovan Karadžić

(2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sr) Радован Караџић Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Meitheamh 1945
79 bliana d'aois
Petnjica (Democratic Federal Yugoslavia)
1 Uachtarán Republika Srpska
7 Aibreán 1992 – 19 Iúil 1996
← luach ar iarraidh – Biljana Plavšić → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachSeirbiaigh
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sairéavó
Columbia University Vagelos College of Physicians and Surgeons (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeirbis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, file, síciatraí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach na Seirbia
Léig Chumannaigh na hIúgslaive Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an tSeirbis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Cogadh Boisniach
Eile
CéileLjiljana Zelen Karadžić Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSonja Karadžić-Jovičević Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh icoireacht in aghaidh na daonnachta (2016)
coir chogaidh (2016)
cinedhíothú (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
31 Iúil 2008-24 Márta 2016Trial of Radovan Karadžić (en) Aistrigh
21 Iúil 2008gabháil (Béalgrád)
11 Iúil 1995-22 Iúil 1995Sléacht Srebrenica Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Cuir in eagar ar Wikidata
grianghraf a rinne na póilíní nuair a gabhadh é sa bhliain 1984
29 Lúnasa 2008

Rugadh Karadžić ar an 19 Meitheamh 1945 i bPetnjica, Poblacht Shóisialta Mhontainéagró, Poblacht Chónaidhme Shóisialta na hIúgslaive).

Bhain sé cáilíocht amach mar dhochtúir agus mar shíciatraí.

Ciontaíodh i gcalaois é sna 1980idí agus chaith sé beagnach bliain amháin i bpríosún. Bhí Karadžić ina uachtarán ar an chéad rialtas Boisniach-Seirbiach, agus b'eisean a bhí i gceannas i rith an Chogaidh Bhoisniach idir na blianta 1992 agus 1995.

Mar gheall ar an gcinedhíothú a tharla in Srebrenica sa bhliain 1995 agus coireanna chogaidh eile a rinneadh le linn an chogaidh sin, sa bhliain 1995 d’ordaigh breitheamh ó Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv go dtabharfaí os comhair Chúirt na Náisiún Aontaithe sa Háig é in éineacht le Ratko Mladić (Ceann Foirne Arm Republika Srpska nó an t-Arm Boisniach Seirbiach).

Ar a theitheadh

cuir in eagar

Chaith Karadžić na blianta idir 1995 agus 2008 ar a sheachaint ó na húdaráis. Chaith sé roinnt ama ag obair i mBéalgrád faoin ainm bréige Dragan Dabić, agus ag cleachtadh go príobháideach mar lia i mBéalgrád.[1][2]

Cuireadh an-bhrú ar an rialtas i mBéalgrád chun é a gabhadh.

Bhí na seirbhísí slándála in amhras faoi Dabic le fada. Bhí ar bhean óg, as na seirbhísí slándála agus ag obair faoi rún, dul i dteagmháil le Dabic chun a chuid ADN (Aigéad Dí-ocsairibeaNúicléasach) a phiocadh suas. Rinne sí coinne leis an dochtúir. Bhí uirthi roinnt ribí amach a tharraingt amach as a chuid gruaige.[3][4] Fear mór ban a bhí i Karadžić agus chríochnaigh sí an tasc a tugadh di gan aon agó.

Agus na seirbhísí rúnda sa tóir air, cuireadh cogar i gcluas Karadžić faoin fhiosrúchán, is cosúil. Cúpla lá níos déanaí, ar 21 Iúil 2008, bhí sé ag iarraidh teitheadh nuair a gabhadh é ar bhus idirchathrach.[4]

Triail agus faoi ghlas

cuir in eagar

Tugadh chun trialach é sa Háig maidir le coireanna cogaidh. Tá sé faoi ghlas ó shin.

Chuir Karadžić síos air féin mar "scríbhneoir". Uaireanta, deifríonn polaiteoirí chun tosaigh lena gcuid dintiúirí intleachtúla a dheimhniú os comhair an phobail. Sa chás seo, Is é an peann cosaint Karadžić ar uafás a iompair pholaitiúil féin : 'Ná bac leis na coirp. Is duine cultúrtha mé. Scríobhaim leabhair.'[5]

Ciontaíodh Karadžić sa bhliain 2016 faoi shléacht Srebrenica i 1995 inar maraíodh timpeall 8,370 Moslamach. Bhí príosún 40 bliain curtha air ag breithiúna na Náisiún Aontaithe.[6]

Ach sa bhliain 2018, rinne Karadžić achomharc in aghaidh a chiontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe agus é ag iarraidh go gcuirfí ar a thriall an athuair é.

In 2019, bhí príosún saoil gearrtha ar Karadžić in áit an dá scór bliain a bhí curtha air roimhe seo. Ciontaíodh freisin é i gcinedhíothú agus i bhfeachtas inár díbríodh Crótaigh agus Moslamaigh as ceantair a bhí faoi cheannas na Seirbiach sa Bhoisnia.

 
An Binse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv ICTY

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "After Karadzic arrest, West hopes for capture of Mladic" (en). France 24 (2008-07-23). Dáta rochtana: 2021-11-27.
  2. Reuters (2008). "Karadzic arrested in Serbia, worked as doctor". Dáta rochtana: 2021.
  3. vqronline.org (2009). "Pop-Art Radovan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-27. Dáta rochtana: 2021.
  4. 4.0 4.1 "BBC World Service - The History Hour" (en-GB). BBC (23 Sam 2021). Dáta rochtana: 2021-11-27.
  5. "Ceachtanna le cur i bhfeidhm i ndiospoireacht na hEorpa" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  6. Nuacht RTÉ (2019). "Príosún saoil gearrtha ar Radovan Karadzic". amp.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-11-27.