Ba theach lóistín ar Shráid Frederick Thuaidh, an Rotunda, Baile Átha Cliath 1, é An Stad. Ghnáthaigh go leor daoine mór le rá é, ina measc Dubhghlas de hÍde, céad Uachtarán na hÉireann, Arthur Griffith, bunaitheoir Shinn Féin, an t-údar James Joyce, Mícheál Ó Cíosóig, bunaitheoir Chumann Lúthchleas Gael, an scríbhneoir Breandán Ó Beacháin agus an file William Butler Yeats. Siopa tobac, teach lóistín, bialann, agus áit chruinnithe a bhí ann agus bhí tionchar leathan ag a chuid aíonna ar ghluaiseacht náisiúnach na hÉireann, ar shaothair litríochta a bhfuil clú agus cáil orthu, agus ar fhorbairt spóirt na hÉireann go luath san 20ú haois. Tá sé lonnaithe i bhfoirgnimh éagsúla ar Shráid Frederick Thuaidh, uimhreacha 1B, 9 agus 30 ina measc.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Stad
Íomhá
Sonraí
CineálTeach lóistín, siopa tobac agus bialann
Suíomh geografach
Suíomh30 Sráid Frederick Thuaidh
Map
 53°21′19″N 6°15′53″W / 53.35518428°N 6.264587°W / 53.35518428; -6.264587