Art Ó Gríofa
Polaiteoir Éireannach ab ea Art Ó Gríofa, Art Ó Gríobhtha tráth, nó Arthur Griffith as Béarla (31 Márta, 1872 - 12 Lúnasa, 1922), a bhunaigh Sinn Féin. Chaith sé tréimhse ina uachtarán ar Dháil Éireann ó Eanáir go mí Lúnasa 1922, agus ba é a bhí ina cheann ar thoscaireacht na hÉireann a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921.
Óige
cuir in eagarBa i mBaile Átha Cliath a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1872. Ba de shliocht Breatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán The Nation, agus bhí sé ar dhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionsclaíochta go luath sna 1890í. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir sula ndeachaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus i mBráithreachas na Poblachta (an IRB).
Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an Afraic Theas ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte (1897-1898). Thug sé tacaíocht do na Bóraigh ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón mBreatain agus bhí an-mheas aige ar Paul Kruger.
Iriseoireacht
cuir in eagarAr theacht ar ais go hÉirinn dó i 1899, bhunaigh sé nuachtán darbh ainm The United Irishman. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar Pháirtí Parlaiminteach a linne, ach níor liobrálach ná sóisialach ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na Rúise agus na Gearmáine níos fearr ná córas na Breataine.
Cuireadh an dlí (agra leabhail) ar pháipéar Uí Ghríofa, The United Irishman, agus dúnadh é sa bhliain 1906. Ansin bunaíodh Ó Gríofa nuachtán eile faoin teideal Sinn Féin láithreach bonn. Páipéar laethúil a bhí ann go dtí gur cuireadh faoi chois é 1914.
D'fhoilsigh Ó Gríofa leabhar darb ainm The Resurrection of Hungary i 1904 faoin dóigh a raibh démhonarcacht ar bun idir an Ostair agus an Ungáir. Cé nach raibh Ó Gríofa ina mhonarcaí é féin, chreid sé go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi.
Sinn Féin
cuir in eagarBhunaigh Ó Gríofa "Cumann na nGaedheal" ar an 30 Meán Fómhair 1900 (Sinn Féin níos déanaí, comhcheangailte leis na Dungannon Clubs)[1].
Ansin bhunaigh Ó Gríofa eagraíocht darbh ainm an National Council sa bhliain 1903 chun cur i gcoinne chuairt rí Éadbhard VII na Ríochta Aontaithe ar Éirinn i 1904.
Chuaigh Cumann na nGaedheal i bpáirt le heagraíochtaí eile i 1905 agus bunaíodh Sinn Féin.
D'fhógair Ó Gríofa go raibh Acht an Aontais idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas an Ríocht Aontaithe a fógraíodh in 1801.
Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.
Éirí Amach
cuir in eagarFaoi threoir bhaill de Bhráithreachas na Poblachta, eagraíodh Éirí Amach na Cásca i 1916, agus cuireadh faoi chois go mear é. Thug na Sasanaigh 'Éirí Amach Shinn Féin' ar an eachtra cé nach raibh aon bhaint ag an bpáirtí leis.
Cuireadh na sluaite i ngéibheann agus nuair a tháinig siad amach as an phríosún i 1917 chuaigh an-chuid acu isteach i Sinn Féin, agus é ar intinn acu an phoblacht a chur chun cinn. Tar éis roinnt mhaith argóna, glacadh leis go n-éileofaí poblacht agus go bhfágfaí faoin phobal tacú leis an éileamh sin nó le dearcadh Uí Ghríofa.
Cogadh na Saoirse
cuir in eagarToghadh Ó Gríofa ina bhall Parlaiminte (MP) don Chabhán Thoir i bhfothoghchán i lár 1918. Bhí bua éasca ag Sinn Féin san olltoghchán an bhliain dár gcionn. Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go Londain dá dtoghfaí chun na Parlaiminte iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath.
Chuir teachtaí Shinn Féin Dáil Éireann ar bun mar pharlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus fógraíodh Poblacht na hÉireann in athuair.
Thosaigh Cogadh na Saoirse nuair nach n-aithneodh rialtas na Breataine an Dáil. Tar éis cúpla bliain den chogaíocht bhí sos cogaidh ann agus chuir an Dáil toscaireacht chun na Breataine chun réiteach a lorg.
Bhí Art Ó Gríofa i gceannas ar an toscaireacht agus fonn láidir air teacht chun réitigh.
Shínigh sé Conradh nár thug neamhspleáchas iomlán d'Éirinn, agus a rinne críochdheighilt ar an tír, agus ní raibh Éamonn de Valera ná teachtaí eile sásta leis sin.
Bhí teannas uafásach sa tír, d'éirigh de Valera as oifig mar uachtarán agus ghlac Ó Gríofa a áit.
Bás agus oidhreacht
cuir in eagarRinne an t-achrann an-dochar dá shláinte. Fuair Ó Gríofa bás de rith fola san inchinn ar an 12 Lúnasa 1922.
Scríobh Sean Ó Lúing beathaisnéis chuimsitheach faoi.
Leabhair
cuir in eagar- Art Ó Gríofa, Seán Ó Lúing (Baile Átha Cliath 1953)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Boyce, D. George; O'Day, Alan (2004). Ireland in Transition, 1867-1921. Routledge. p. 155. ISBN 1134320000.