Aibhistín de Staic
Réabhlóidí Éireannach ab ea Aibhistín de Staic (7 Nollaig 1879 - 27 Aibreán 1929).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Augustine Mary Moore Stack 7 Nollaig 1879 Trá Lí |
Bás | 27 Aibreán 1929 49 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Teachta Dála | |
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927 | |
Teachta Dála | |
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 4ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1923 | |
Teachta Dála | |
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 3ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí–Iarthar Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1922 | |
An tAire Dlí agus Cirt | |
22 Lúnasa 1921 – 9 Eanáir 1922 ← Art Ó Gríofa – Éamon Ó Dugáin → | |
Teachta Dála | |
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 2ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí–Iarthar Luimnigh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1921 | |
Teachta Dála | |
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 1ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1918 | |
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Ciarraí Thiar Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918 | |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir, imreoir peile Gaelaí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Spórt | peil Ghaelach |
Saol
cuir in eagarSaolaíodh Aibhistín de Staic i dTrá Lí i gContae Chiarraí. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i dTrá Lí. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, thréig sé an scoil agus chuaigh sé ag obair ina chléireach in oifig dlíodóra. Bhí sé ar fheabhas ina pheileadóir, agus é i gceannas ar fhoireann Chiarraí nuair a bhain siad an chraobh uile-Éireann sa bhliain 1904. Bhí sé freisin ina Uachtarán ar Bhord Chontae Chiarraí don Chumann Lúthchleas Gael.
Sa bhliain 1908, chuaigh sé san IRB. Ní raibh sé gníomhach i bpolaitíocht roimhe sin. Sa bhliain 1916, bhí sé ina cheannfort ar na hÓglaigh i gCiarraí, agus é le teacht in araicis na n-arm Gearmánach a bhí Ruairí Mac Easmainn a thabhairt go hÉirinn. Ghabh na Sasanaigh é, áfach, agus daoradh chun báis é. Ina dhiaidh sin, áfach, maolaíodh an pionós sin go pianseirbhís saoil. Scaoileadh saor é i Mí an Mheithimh, 1917, de bharr an phardúin ghinearálta, agus vótáladh isteach ina Fheisire do Shinn Féin i gCiarraí é in olltoghchán na bliana 1918.
Bhí sé go tréan in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus chuir sé troid ar Arm an tSaorstáit sa Chogadh Chathartha. Ceapadh é sa bhliain 1923, agus chuaigh sé ar stailc ocrais a mhair le lá amháin is dhá scór sular saoradh é i Mí Iúil 1924. Nuair a bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil sa bhliain 1926, d'fhan Aibhistín de Staic ina bhall de Shinn Féin, agus hatoghadh ina Theachta Dála é sa bhliain 1927.
Ní bhfuair sé biseach ceart riamh i ndiaidh an chéalacain fhada. Shíothlaigh sé in ospidéal i mBaile Átha Cliath i Mí Aibreáin sa bhliain 1929, gan ach naoi mbliana is dhá scór d'aois aige.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |