An Tóchar, Cill Mhantáin

baile i gContae Chill Mhantáin

Sráidbhaile i gContae Chill Mhantáin, Éire is ea An Tóchar.[1] Bhí sé liostaithe i ndaonáireamh 2016 go raibh daonra 948 ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Tóchar, Cill Mhantáin
An Tóchar (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 04′ N, 6° 14′ O / 53.07°N,6.23°W / 53.07; -6.23
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde238 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistA98 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1416485
Suíomh gréasáinroundwood.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht

cuir in eagar

Tá an Tóchar suite mar a nascann bóthar an R755 leis an R764 agus an R765. Tá an R755 mar chuid den phríomhbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Gleann Dá Loch i Sléibhte Chill Mhantáin. Ag 238 méadar os cionn leibhéal na farraige, tá an Tóchar ar cheann de na sráidbhailte is airde in Éirinn.

Tá Lochanna Taiscumar Fheartraí (taiscumar a tógadh sna 1860idí) in aice láimhe.

 
Doire Lasrach

Tá dlúthbhaint ag an Tóchar le beirt iar-Uachtarán na hÉireann, Seán T. Ó Ceallaigh a raibh cónaí air go háitiúil, agus Erskine Hamilton Childers, atá, in éineacht le baill eile den teaghlach, curtha i reilig Anglacánach Dhoire Lasrach in aice leis an sráidbhaile.

 
Chruinne c. 1880.

Is é an cumann Peil Ghaelach áitiúil agus Peil Ghaelach na mBan CLG An Tóchar.

Tá an Tóchar nasctha le sráidbhaile Spézet, sa Bhriotáin, iarthuaisceart na Fraince. Déanann na scoileanna sa dá cheantar cumarsáid rialta agus téann siad i dteagmháil lena chéile. Le blianta fada anuas, tá cláir mhalartaithe i bhfeidhm do na scoláirí.