An néaróg lúbach
Is í an néaróg lúbach,[1] ar a dtugtar freisin an néaróg neomaghastrach, an néaróg pharaisimpiteach nó an néaróg chairdiach, an deichiú néaróg chráiniach (Laidin: nervus vagus). Is conair an-tábhachtach í d'uathchóras na néaróg (díleá, ráta croí, srl.) agus rialú luailchéadfach ar na larainge, agus mar sin don fhoghraíocht. Tagann sí síos an muineál, soláthraíonn matáin na larainge is na farainge, téann tríd an tóracs agus isteach sa bholg. Sa tóracs soláthraíonn sí an t-éasafagas, an traicé, na scamhóga, an croí is na fuileadáin mhóra, agus sa bholg soláthraíonn sí an goile, an stéig bheag is cuid den stéig mhór, an paincréas is an t-ae. Déanann sí raon leathan feidhmeanna rialaithe, ina measc laghdú ráta an chroí is spreagadh tál aigéid ghastraigh.[2]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | nervus vagus |
Aitheantóirí | |
MeSH | D014630 |
TA | A14.2.01.153 |
FMA | 5731 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.910 |
EB Online | science/vagus-nerve |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Struchtúr
cuir in eagarNuair a fhágann earr na hinchine (Laidin: medulla oblongata) an oliva medullae oblongata agus an sealgóg cheirbríneach íochtarach, síneann an néaróg lúbach tríd an foramen jugulare, ansin téann sí isteach sa truaill charotid idir an t-artaire caratach inmheánach (Laidin: arteria carotis interna) agus an fhéith chuingealach inmheánach síos go dtí an muineál, tóracs, agus abdóman, áit a cuireann sí le hin-néarógú an ionathair, ag sroicheadh an bhealaigh go léir chun na drólainne.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““vagus nerve” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-09-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Vagas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 695.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |