Is éard atá i gceist le hastú réimse[1] ná astú leictreon ó dhromchla miotail nuair a chuirtear réimse dian leictreach i bhfeidhm air. I micreascóip réimse-astaíoch, treoraítear na leictreoin a astaíonn rinn ghéar miotail ar scáileán chun íomhá an-fhormhéadaithe de struchtúr an mhiotail a dhéanamh.[2]

  1. “astú réimse” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
  2. Hussey, Matt (2011). "Astú réimse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.