Iarmhairt athshondach ina n-asúnn adaimh nó núicléis atá ag luainiú i réimse maighnéadach fuinnimh ó thonnta raidió a imbhuaileann leo. Tugtar athshondas guairne air seo freisin. Bíonn móimintí maighnéadacha na n-adamh is na núicléas ag luainiú thart ar threo an réimse mhaighnéadaigh atá i bhfeidhm orthu. Ansin nuair a imbhuaileann tonnta raidió, ar mhinicíochtaí sainiúla ar leith, na móimintí maighnéadacha seo, tarlaíonn athshondas agus asúitear fuinneamh ón léas raidió. Is bunús é seo le teicníochtaí tábhachtacha anailíse sa cheimic agus íomháithe sa mhíochaine.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Athshondas maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 54.