Osclóidh seo an príomhroghchlár
Avicenna (980 - 1037)

Fealsamh agus fear leighis Peirseach den gcreideamh Moslamach ab ea Abu 'Ali al-Husayn Ibn Abd Allah Ibn Sina, nó Ibn Sīnā, nó Avicenna mar a thugtar air i Laidin agus i bhformhór theangacha na hEorpa. Do rugadh é gar do Bhúkhara, i bproibhinse Chorasáin Mhóir (réigiún atá suite in Úisbéiceastáin an lae inniubh), ar an 7ú lá de Lúnasa sa bhliain 980 agus do fuair sé bás, i gcathair Hamadán (cathair atá suite in Iaráin an lae inniubh), le linn Mhí an Mheithimh sa bhliain 1037. Cé gur scríobh sé i bPeirsis leis, is in Araibis a scríobh Avicenna mórchuid dá shaothar, saothair a bhaineann le réimsí éagsúla an eolais - an réalteolaíocht, an ailceimic, agus an aigneolaíocht, ina measc. Do thugadh lucht leanúna Avicenna "Seich al-Ra'íos" (Gaeilge: 'Prionsa na Saoithe') air lena linn.

Do scríobh Aviceanna 450 saothar, agus tá thart ar 240 desna saothair sin againn go fóill - 150 saothar a bhaineann leis an bhfealsúnacht, 40 saothar a bhaineann le cúrsaí leighis, agus saothair éagsúla a bhaineann leis an dtíreolaíocht, leis an ndiagacht, leis an bhfisic, chomh maith le saothair fhilíochta. Is iad na saothair is tábhachtaí de chuid Avicenna ná an chiclipéid a scríobh sé fé chúrsaí leighis, Riail na Liachta (Araibis: كتب ا لقا نون في ا لطب ['Ciotáb al Cánún fi al-Tib']), agus an chiclipéid fhealsúnachta a scríobh sé chun anam an duine a leigheas ar a ainbhios, Leabhar an Leighis (Araibis: کتاب الشفاء ['Ciotáb al-Sifeá']).

Sa lá atá inniubh ann, agus cé nach féidir ach le staraithe amháin leas a bhaint as na leabhair a scríobh Avicenna fé chúrsaí leighis, tá tábhacht ar leith leis na saothair fhealsúnachta dá chuid. Saothair is ea iad a bhfuil tionchair dhá thraidisiún fealsúnachta le feiscint iontu, traidisiún an Oirthir agus traidisiún an Iarthair. Tá oidhreacht Avicenna fós beo in Ioslam na hIaráine. San Iarthar, tá Aviceanna agus a chuid saothar fós ina n-ábhair mhachnaimh d'fhealsúna.