Orgán bairille
(Athsheolta ó Bairille-orgán)
Gléas ceoil meicniúil. Trí lámh ar a thaobh a rothlú, séideann an seinnteoir aer isteach i mboilg agus rothlaíonn sorcóir atá feistithe le pionnaí a ligeann aer isteach i sraith píobán. Cinneann leagan amach na bpionnaí na píobáin a fhuaimníonn agus cathain le linn an rothlaithe a sheinneann siad. Gléas ársa atá ann: d'úsáidtí san 18ú-19ú céad é chun iomainn a sheinm in eaglaisí. Bhíodh sé in úsáid go dtí le déanaí mar ghléas sráide, uaireanta le peata moncaí ina shuí anuas air.[1]
Cineál | sets of open flutes with internal duct without fingerholes (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 421.222.11-9 |
Ó dhúchas | an Fhrainc |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | organ grinder (en) |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Orgán bairille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 499.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |