Bataire litiam
Bíonn saghsanna den bhataire tánaisteach seo inathluchtaite, agus saghsanna eile príomhúil. Luaitear luchtú bataire ina aimpéar-uaireanta in aghaidh an chileagraim (A-u kg-1): i mbataire litiam is féidir 3,860 A-u kg-1 a stóráil, níos mó ná 4 oiread luchtú bataire since, is timpeall 15 oiread luchtú bataire luaidhe. Ach is costasach na batairí litiam, agus ní mór iad a chur de láimh go cúramach mar go bhfuil ceimiceáin imoibríocha nimhiúla iontu.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bataire litiam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 65.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |