Sa luibheolaíocht, cuid de phlanda adhmadach a chur isteach i sliotán gearrtha i ngas nó bonnstoc planda eile chun go gcuingríonn na fíocháin fheadánacha is go leanann fás an phlanda bheangaithe. Ní éiríonn leis ach i gcás gnéithe atá garghaolmhar le chéile. Úsáidtear beangú go forleathan i ngairneoireacht chun cineálacha inmhianaithe nach bhfásann go maith a chuingriú le cineálacha atá bríomhar nó frithsheasmhach in aghaidh galar. Uaireanta briseann an deontóir bonnstoic amach agus táirgeann meatháin lena mbláthanna féin i measc bláthanna an phlanda bheangaithe.[1]

Beangú

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Beangú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.