Bob Doyle
Gníomhaí cumannach agus saighdiúir as Éirinn ab ea Bob Doyle (nó Robert Andrew Doyle, 12 Feabhra 1916 – 22 Eanáir 2009)[1]. Bhí sé gníomhach in dhá choinbhleacht armtha; Cogadh Cathartha na Spáinne, mar bhall de na Briogáidí Idirnáisiúnta, agus an Dara Cogadh Domhanda mar bhall de Chabhlach Trádála na Breataine.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Feabhra 1916 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 22 Eanáir 2009 92 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Poblacht na hÉireann |
Brainse míleata | Na Briogáidí Idirnáisiúnta |
Coinbhleacht | Cogadh Cathartha na Spáinne |
Luathshaol
cuir in eagarRugadh Doyle i dtionóntán ar Shráid an Rí Thuaidh[1] i mBaile Átha Cliath agus músclaíodh a spéis sa pholaitíocht le linn na 1930idí. Sa bhliain 1933, bhí sé mar chuid de shlua frithchumannach a rinne ionsaí ar Theach Uí Chonghaile.[2] Chuaigh sé isteach san IRA tar éis dó a shúil chlé a chailleadh i scliúchas leis na Léinte Gorma. Chuir sé níos mó spéise i gcúrsaí sóisialta seachas i gcúrsaí náisiúnachais de réir a chéile, agus in 1937 bheartaigh sé dul isteach sna Briogáidí Idirnáisiúnta tar éis gur maraíodh cara dá chuid, Kit Conway,[3] i gCath Jarama, ar 21ú breithlá Doyle.
Seirbhís sa Spáinn
cuir in eagarRinne sé iarracht taisteal go dtí an Spáinn trí dhul i bhfolach ar bhád ag triall ar Valencia,[4] áit ar gabhadh é agus ar díbríodh é. D'éirigh leis an Spáinn a bhaint amach sa deireadh thiar trí na Piréiní a thrasnú ón bhFrainc. Liostáil sé le cathlán ag Figueras. Ar dtús, b’éigean dó earcaigh nua a oiliúint mar gheall ar a thaithí leis an IRA, ach rinne sé neamhaird ar na horduithe seo agus chuaigh sé go dtí an fronta.
Gabháil agus scaoileadh saor
cuir in eagarTar éis dó troid ag Belchite, ghabh an cathlán faisisteach Iodálach Corpo Truppe Volontarie é ag Gandesa i 1938, in éineacht leis an gceannaire Éireannach Frank Ryan.[5]
Gearradh 11 mhí i bpríosún air i San Pedro de Cardeña — campa géibhinn i ngar do Burgos. Chéas na gardaí faisisteacha Spáinneacha go rialta é, agus rinne an Gestapo diancheistiú air[6] sular scaoileadh saor é mar chuid de mhalartú príosúnach.
Bás
cuir in eagarFuair Bob Doyle bás ar 22 Eanáir 2009 agus 92 bliain slánaithe aige. Iompraíodh a chuid luaithrigh ar cheann sochraide trí shráideanna Bhaile Átha Cliath. Bhí slua mór i láthair, baill de Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann, Páirtí Cumannach na hÉireann, agus Sinn Féin san áireamh.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Arthur, Max (2009). "The Real Band Of Brothers – First hand accounts from the last British survivors of the Spanish Civil War". Section 5 – Bob Doyle, Page 167, reference to Doyle's date and place of birth. Collins. ISBN 9780007295098.
- ↑ “"Dublin 'Red' Headquarters Set On Fire, Twenty Injured In Riots" | Come here to me!”. Comeheretome.wordpress.com (27 Aibreán 2010). Dáta rochtana: 2013-08-18.
- ↑ Baxell, Richard (2012). "Unlikely Warriors: The British in the Spanish Civil War and the Struggle Against Fascism". Chapter 8, Their Finest Hour, Page 147, battle of Jarama, reference to the death of Kit Conway. Aurum Press Ltd. ISBN 9781781312339.
- ↑ Arthur, Max (2009). "The Real Band Of Brothers – First hand accounts from the last British survivors of the Spanish Civil War". Section 5 – Bob Doyle, Page 179, reference to Doyle’s arrival at Valencia on 8 July 1937. Collins. ISBN 9780007295098.
- ↑ Arthur, Max (2009). "The Real Band Of Brothers – First hand accounts from the last British survivors of the Spanish Civil War". Section 5 – Bob Doyle, Page 188, reference to Doyle’s capture by the Nationalists. Collins. ISBN 9780007295098.
- ↑ Baxell, Richard (2012). "Unlikely Warriors – The extraordinary story of the Britons who fought for Spain". Chapter 19, You’ll all be shot, Page 147, reference to beatings and Gestapo interrogation of Doyle atSan Pedro POW Camp. Aurum Press Ltd. ISBN 9781781312339.