Áirítear an bhogthaise choibhneasta ina chéatadán mar seo: ((an dearbh-bhogthaise ag an teocht)/(an dearbh-bhogthaise ag an drúchtphointe ag an teocht chéanna)) × 100. Nuair a bhíonn an t-aer lánsáithithe le galuisce, deirtear go bhfuil luach 100% ag an taise choibhneasta. Má bhíonn toirt aeir lánsáithithe ag teocht íseal ar dtús is má théitear an t-aer sin, ní bhíonn sé chomh sáithithe céanna agus laghdaíonn an taise choibhneasta dá réir. Má bhíonn an taise choibhneasta ard in aimsir the, bíonn sé míchompordach do dhuine de bhrí nach ngalaítear an t-allas air is ní fhaigheann sé aon fhuarú.[1]

Bogthaise choibhneasta

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bogthaise choibhneasta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 81.