Clóchóras a dhear Louis Braille i 1829 chun gur féidir le daoine dalla léamh is scríobh i dteanga scríofa. Sraith ceall atá ann, le maitrís 3 × 2 de phoncanna cabhraithe i ngach cill, ar féidir a bpatrún a bhrath leis na méara. Sa bhunchóras, seasann patrún ar leith do gach litir, uimhir, marc poncaíochta is oiread beag focla. Tá córais ríomhaire ar fáil anois le téacs scríofa a aistriú go cló Braille is a mhalairt.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.